English Language Version
Táimid an-sásta le rá go ndeirtear go bhfuil an iar-mhéanscoil ar Bhóthar Sydenham, Dún Droma oiriúnach don Ghaelcholáiste molta. Tá an scoil i seilbh an Choiste Ghairmoideachais Co Baile Átha Cliath agus níl aon phleananna fadtéarmacha ag an gCoiste don fhoirgneamh fós. Deirtear dúinn go bhfuil an scoil an-oiriúnanch agus go mbeidh sé éasca go maith í a shocrú i gceart don Ghaelcholáiste má bhfaighimid aitheantas ón Roinn Oideachais.
Deirtear go gcosnóidh an athchóiriú an Ghaelcholáiste, níos lú ná €3milliún, chun an scoil a leagadh amach go dtí an léibhéal is áirde, nua-haimseartha. Is beag an costas é seo í gcomparáid leis an €20-25m costas bunaithe a bhí ar scoileanna cosúil sa chontae a bhí tógálta ar láithreáin úrnua le gairid.
Sáraíonn an cor nua sa scéal deacracht ollmhór a bhí ag ár bhfeachtas go dtí seo. Ag crúinniú a bhí againn i 2007 leis an iar-Aire, dúirt sí gur aontaigh sí linn go raibh an t-éileamh don scoil ann agus gurab é costas cóiríochta na scoile an t-aon bhac inár mbealach chun an scoil a chur ar bun. Tá súil linn go n-aontóidh an tAire O’Keefe leis an measúnú seo.
Tá an scoil Bóthar Sydenham an-ghar leis an stad LUAS i nDún Droma (féach ar an léarscáil) agus beidh sé an-áisiúl do mhic-léinn ó Lios na nÓg, Scoil Bhríde agus GS Thaobh na Coille. Ta stad Bus Uimh. 75 (ó Chnoch Liamhna) ag béal dorais na scoile. Is féidir leat siúl ó Scoil Naithi (1km), agus níl stadanna 44 agus 48A ach 5 nóiméad ón scoil. Beidh sé ar daltaí ó Scoil Mológa busanna 86 agus 18 agus an LUAS ó Ranelagh a thógáil.
Níl aon bhac réasúnach ar fhoras eacnamaíochta, éileamh páistí scoile nó polaisí Rialtais i mbealach aitheantas na scoile ón Roinn chun í a oscailt i Mean Fomhair 2009.
Íarann muid oraibh stocaireacht a dhéanamh ar an Roinn Oideachais, ar an Aire agus ar bhúr n-ionadaithe áitiúla chun go mbeidh fhios ag an Roinn gur ceart do pháistí é Oideachas trí Ghaeilge, agus nach rogha é.
Is feidir leat ár n-achainí a shíniú anseo
