Cuireann Gaelcholaiste Dheisceart Átha Cliath (an coiste atá ag iarraidh iarbhunscoil Lán-Ghaeilge a chur ar bun i nDeisceart Átha Cliath) fáilte roimh an méid a bhí le rá ag an Taoiseach Brian Cowen faoina gcuid tacaíochta don Ghaelscolaíocht, ach meastar go bhfuil contrárthachtaí ann i bpolasaí an Rialtais.

Ar an t-eagrán den clár An Saol ó Dheas, ar Raidió na Gaeltachta, craolta an Déardaoin seo caite (19.02.09) dúirt an Taoiseach:

“Is é an rud is fearr a chonaiceamar mar gheall ar an Ghaeilge a spreagadh i measc na ndaoine ná an gluaiseacht Gaelscolaíochta, agus mar Thaoiseach táim ag tabhairt an-thacaíocht don ghluaseacht sin agus beidh sé mar sin chomh fada agus a bhfuilim i mo Thaoiseach.”

Aontaíonn coiste bunaithe Gaelcholáiste Dheisceart Átha Cliath gur thaispeáin an Taoiseach lán-thacaíocht le fada an lá do ghluaiseacht na gaelscolaíochta. Ar an drochuair ní soiléir go bhfuil an tAire Oideachais Batt O’Keefe chomh fuinniúil ar an gceist céanna. Níl aitheantas scoile bronnta aige ar an nGaelcholáiste nua i gceantar Dheisceart Átha Cliath in ainneoin an méadú is mó sa tír i líon na ndaltaí a fhreastalaíonn ar ghaelscoileanna.

I gcomhthéacs méid a bhí le rá ag an Taoiseach, cuireann Gaelcholáiste Dheisceart Átha Cliath na ceisteanna seo ar an Aire agus an Roinn Oideachais:

Ceist 1: An féidir leis an tAire Oideachas a rá linn go díreach cén fáth, nuair atá an Taoiseach chomh láidir ar son na Gaelscolaíochta (ag cuir a pháistí féin chuig gaelscoil fiú), nach bhfuil an Roinn Oideachais sásta an méid céanna tacaíocht a léiriú don iarbhunscolaíocht Lán-Ghaeilge trí aitheantas a bhronnadh ar scoileanna nua?

Ceist 2: Má tógadh seacht Gaelscoileanna anuraidh agus ceithre cinn eile an bhliain seo, cén fáth nach bhfuil spásanna breise curtha ar fáil don iarbhunscolaíocht Lán-Ghaeilge sa tréimhse céanna?

Ceist 3: An Stopann oideachas trí Bhéarla nuair a sroicheann na páistí 12 bliain d’aois? An chóir go dtarlódh amhlaidh don scolaíocht Lán-Ghaeilge?

Ceist 4: Ó 2001 go dtí inniu tá méadú ollmhór tagtha ar an méid páistí atá ag freastal ar ghaelscoileanna i nDeisceart Átha Cliath ach níl aon méadú tagtha ar an líon spásanna dara leibhéal sa cheantar. Go díreach cá rachaidh na scoláirí seo tar éis Rang a Sé?

Dar le Coiste Bunaithe Ghaelcholáiste Dheisceart Átha Cliath is féidir an méid éileamh atá ann i nDeisceart Átha Cliath scoil dara léibheil Ghaeilge le 350 daltaí a líonadh faoi dhó. Ta foirgneamh oiriúnach i seilbh pátrún an Gaelcholáiste molta (Coiste Gairmoideachas Chontae Átha Cliath). Cosnóidh sé níos lú ná €3 mhilliúin chun é a chóiriú go dtí an caighdeán is airde (thar tréimhse 3-4 bliain) ach bheadh deis an scoil a oscailt ar chostas i bhfad níos ísle ná sin i mí Meán Fómhair na bliana seo.

Tá bac curtha ar leanúnachas an oideachais Lán-Ghaeilge i nDeisceart Átha Cliath go dtí seo ag an Roinn Oideachas. I dtéarmaí luach ar airgead muna thapaítear an deis seo beidh an Roinn ag íoc suas go €30 milliúin ar iarbhunscoil a thógáil as an nua i gceann cúig bliana nó mar sin, scoil a d’fhéadfadh a oscailt i Meán Fómhair ar deichiú den chostas don cháiníocóir.

Iarrann Coiste Bunaithe Gaelcholáiste Dheisceart Átha Cliath gan airgead an cháiníocóra a chur amú trí sa tréimhse deacair gheilleagrach seo, ag cur an dosheachanta ar an méar fhada.

Tuileadh eolais ar: www.gaelcholaiste.com/blog

Nó r-phost: eolas@gaelcholaiste.com

http://www.rte.ie/rnag/player_av.html?0,null,200,http://dynamic.rte.ie/quickaxs/209-rte-rng-ansaolodheas.smil

An Taoiseach Brian Cowen ar An Saol ó Dheas (Raidió na Gaeltachta) 19 Feabhra ag 12.00i.n.

Éist le sliocht ón gclár ina bhfuil sé ag caint faoin nGaelscolaíocht.

MP3