Bileog Eolais (Gaeilge)

AN FORAS PÁTRÚNACHTA

Bunaíodh AN FORAS PÁTRÚNACHTA sa bhliain 1993 ionas go mbeadh rogha pátrúnachta eile ag scoileanna. Cuireann AN FORAS PÁTRÚNACHTA rogha sainspioraid ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tá sé mar aidhm againn oideachas lán-Ghaeilge den scoth a fhorbairt agus a leathnú ar fud na tíre. Tá AN FORAS PÁTRÚNACHTA aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna mar chóras pátrúnachta atá inghlactha agus cuí do scoileanna ag an gcéad agus  ag, an dara leibhéal.   agus an tríú leibhéal

Is comhlacht príobháideach é gan scairchaipiteal le meabhrán agus airteagail chomhlachais aige. Tá stádas carthanachta (CHY Uimh. 12240) ag an bhForas chomh maith. Tá AN FORAS PÁTRÚNACHTA ina Phátrún ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil éiteas Caitliceach, ilchreidmheach, agus idirchreidmheach (Caitliceach/Protastúnach) acu. Freastalaíonn sé dá bharr sin, ar thuismitheoirí a dteastaíonn uathu oideachas lán- Ghaeilge a bheith ag a bpáistí is cuma cén cúlra creidimh atá acu. Tá fás ag teacht ar líon na scoileanna faoi AN FORAS PÁTRÚNACHTA i gcónaí. Tá 59 scoil ag an mbunleibhéal agus 3 scoil ag an dara leibhéal faoinár bpátrúnacht faoi láthair.

Tá 12 bhall ar an mbord stiúrtha, le hionadaíocht leathan, atá tofa go daonlathach, na haicmí creidimh san áireamh. Bíonn cruinnithe rialta ag an mbord stiúrtha agus eagraíonn AN FORAS PÁTRÚNACHTA cruinniú cinn bhliana chomh maith le Comhdháil Oideachais uair sa bhliain.

Tá oifig AN FORAS PÁTRÚNACHTA lonnaithe i Maigh Nuad sa champas gnó in aice le heagraíochtaí oideachais eile lena n-áirítear an Chomhairle Mhúinteoireachta agus an CPSMA. Déanann foireann na hoifige freastal ar riachtanais ár scoileanna agus ionadaíocht ar a son i réimsí éagsúla den earnáil oideachais. Is í fís AN FORAS PÁTRÚNACHTA ná oideachas lán-Ghaeilge den scoth a chothú, a fhorbairt agus a leathnú sa tír. Is é ár ráiteas misin ná go mbeidh AN FORAS PÁTRÚNACHTA lárnach i gcur chun cinn an oideachais lán-Ghaeilge agus go ndéanfaidh AN FORAS PÁTRÚNACHTA freastal éifeachtach, gairmiúil agus cuimsitheach ar na scoileanna faoinár gcúram ag an gcéad agus ag an dara leibhéal.

 

 

Buntáistí AN FORAS PÁTRÚNACHTA

•Is é AN FORAS PÁTRÚNACHTA an pátrún is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an gcéad agus ag an dara leibhéal

•Is é AN FORAS PÁTRÚNACHTA an t-aon phátrún a bunaíodh chun oideachas lán-Ghaeilge a chur chun cinn

•Cosnaíonn AN FORAS PÁTRÚNACHTA cearta teanga ár scoileanna

•Cosnaíonn AN FORAS PÁTRÚNACHTA sainspioraid ár scoileanna

•Cuireann AN FORAS PÁTRÚNACHTA cearta tuismitheoirí chun cinn maidir le hoideachas trí mheán na Gaeilge a sholáthar

•Cuireann AN FORAS PÁTRÚNACHTA oiliúint, comhairle agus ár gcuid seirbhísí ar fad ar fáil trí mheán na Gaeilge

•Tacaíocht do phríomhoidí agus do bhoird bhainistíochta

•Tacaíocht do choistí bunaithe

•Tá rogha éitis ar fáil do scoileanna AN FORAS PÁTRÚNACHTA

•Ionadaíocht ar ghrúpaí agus ar choistí sa Roinn Oideachais and Scileanna

•Stocaireacht ar son oideachas trí mheán na Gaeilge

•Taithí ar bhunú agus ar riaradh scoileanna lán-Ghaeilge ag an gcéad agus ag an dara leibhéal

•Cuireann AN FORAS PÁTRÚNACHTA oiliúint ar fáil do na boird bhainistíochta

•Comhairle dlí do na boird bhainistíochta

•Comhairle ar fhostaíocht

 

Éileamh an phobail ar oideachas lán-Ghaeilge

Is léir go bhfuil éileamh ollmhór ar fud na tíre ar oideachas lán-Ghaeilge ag an gcéad agus an dara leibhéal. I staidéar a rinne Institiúid Teangeolaíochta na hÉireann (2004) fuair siad amach go roghnódh 25% de thuismitheoirí na tíre oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí dá mbeadh an rogha ar fáil dóibh. Tá an t-éileamh seo ann mar gheall ar a lán fáthanna agus déantar cuid acu a léiriú thíos.

 

Cuid de na cúiseanna go roghnaíonn tuismitheoirí oideachas lán-Ghaeilge:

•Ábaltacht na bpáistí labhairt, léamh agus scríobh in dhá theanga agus na buntáistí a théann leis sin

•Tá sé fíorthábhachtach dóibh go mbeidh Gaeilge ar a dtoil ag a bpáistí

•Aithníonn siad go bhfaigheann an páiste léargas ar leith ar a c(h)ultúr féin agus ar chultúir eile

•Cothaítear bród na bpáistí ina dteanga, ina gcultúr agus iontu féin

•Forbairt i bhféinmhuinín agus i bhféiniúlacht na bpáistí

•Ón méid thuas is léir go bhfaigheann na daltaí oideachas iomlánach a chiallaíonn go bhfuil forbairt á déanamh ar shaoránaigh a chuirfidh go mór le sochaí na tíre seo

•Cuirtear oideachas acadúil den scoth ar fáil i scoileanna lán-Ghaeilge. Léirítear é seo bliain i ndiaidh bliana sna torthaí a fhaigheann na daltaí sna Gaelcholáistí de réir an ráta aistrithe go dtí an tríú leibhéal (Sunday Times, Márta 2011)

 

De réir taighde ar an oideachas dátheangach seo a leanas cuid de na torthaí do na daltaí a théann tríd an gcóras:

•Éiríonn níos fearr leo go hacadúil (Gallagher & Hanna, 2002)

•Éiríonn leo an tríú agus an ceathrú teanga a fhoghlaim níos éasca (Cenoz & Valencia 1994)

•Tuiscint agus oscailteacht do chultúir eile (Gallagher & Hanna, 2002)

•Feabhas ar fheidhmiú cognaíochta ó thaobh cruthaíochta agus ábaltacht cumarsáide de (Bialystok et al. 2005)

 

Ardleibhéal Oideachas

Tar éis torthaí staidéir idirnáisiúnta ar nós PISA, i dteannta an chruacháis eacnamaíochta, ba léir don earnáil oideachais agus don tír go raibh gá le h-athbhreithniú ar ár gcleachtais agus ar ár dtosaíochtaí má bhí uainn daltaí leis na cáilíochtaí, scileanna agus ábaltacht cuí a chur ar fáil. Tá béim á cur ar an eolaíocht, an mhatamaitic agus an teicneolaíochta chun go bhféadfaidh an tír gníomhú go coimhlinteach i saol an lae inniu. Tá sé aitheanta go forleathan go gcaithfidh daltaí caighdeán níos airde a bhaint amach sna réimsí seo le cinntiú go mbeidh siad agus an tír ábalta dul chun cinn a dhéanamh sa todhchaí. Aithnítear go forleathan an t-ardleibhéal cumais ó thaobh na h-acadúlachta de a bhaineann daltaí na nGaelcholáistí amach. Tá an ráta aistrithe chuig ollscoileanna agus institiúidí eile tríú leibhéil go eisceachtúil maith.

 

Cad is Gaelcholáiste ann?

I nGaelcholáiste déantar gnó na scoile ar fad trí mheán na Gaeilge. Múintear na ranganna trí Ghaeilge, seachas na ranganna Béarla, ina mbíonn teagasc trí Bhéarla ar siúl. Bíonn cumarsáid trí mheán na Gaeilge idir an fhoireann, déantar gnó an bhoird bhainistíochta trí Ghaeilge agus labhraíonn na daltaí Gaeilge eatarthu féin ar scoil agus in imeachtaí eagraithe ag an scoil agus spreagtar iad chun Gaeilge a labhairt sa bhaile agus taobh amuigh de gheataí na scoile. Neartaíonn an scoil an pobal labhartha Gaeilge i bpobal na scoile agus sa mórphobal.

Tá sé mar éiteas na nGaelcholáistí bheith oscailte agus fáilteach. Chuige sin, spreagann siad tuismitheoirí le páirt a ghlacadh i saol na scoile trí imeachtaí sóisialta agus imeachtaí éagsúla eile a eagrú, ó ranganna Gaeilge go coiste na dtuismitheoirí agus a lán eile.

De réir Straitéis na Gaeilge 2010 – 2030, tá sé fíorthábhachtach go gcothaítear scoileanna lán-Ghaeilge agus go gcuirtear le líon na scoileanna lán-Ghaeilge leis an sprioc thíos a bhaint amach:

5.3.1 An t-Oideachas Lán-Ghaeilge:

“Tá an Ghaelscolaíocht riachtanach chun go gcinnteofar go bhfuil cainteoirí inniúla Gaeilge sna glúine amach romhainn. Tá éileamh ar an múineadh trí mheán na Gaeilge ag dul in airde ar fud na tíre. Tá leathnú an Ghaeloideachais mar dhlúthchuid den Straitéis agus is gá a chinntiú go bhfuil soláthar scoileanna Gaeilge do phobal uile na tire.”

 

Córas an tumoideachais

Tá taighde cuimsitheach déanta (MET, 1998) a chruthaíonn gurb é an modh is fearr chun teanga a shealbhú ná tríd an tumoideachas. Is é córas an tumoideachais atá á chur i bhfeidhm i scoileanna AN FORAS PÁTRÚNACHTA. Ciallaíonn tumoideachas go ndéantar gach ábhar, gnó agus idirbheartaíocht sa scoil trí Ghaeilge. Ar an mbealach seo súitear isteach gach gné den teanga, rud a chiallaíonn go bhfuil sé ar chumas an dalta í a thuiscint agus í a labhairt i bhfad níos tapúla. Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an taighde ar fad a rinneadh ar chláir thumoideachais le 30 bliain anuas, léirigh Bournet-Trites & Tellowitz go “bhfeictear go bhfuil tionchar dearfach ag foghlaim an dara teanga ar scileanna na céad teanga i ngach staidéar a rinneadh”.

An Ghaeilge agus an cultúr sa cheantar

Is réigiún beoga ilchultúrtha é Dún Droma agus an ceantar mórthimpeall a bhfuil fréamhacha láidre traidisiúnta ann. Tá dea-thoil as cuimse ag an nGaeilge anseo agus tá suim nach beag i bhfoghlaim agus in úsáid na Gaeilge. Tá an Ghaeilge an-tábhachtach do dhaoine atá ina gcónaí i nDeisceart Bhaile Átha Cliath agus tá athneartú mór teanga tar éis tarlú sa chontae le fiche bliain anuas. Foghlaimíonn roinnt daoine an Ghaeilge mar gheall ar an ngrá atá acu don teanga agus foghlaimíonn daoine eile í chun go bhféadfaidh siad cabhrú lena gclann agus iad ag staidéar.

Tá gaol láidir ag AN FORAS PÁTRÚNACHTA leis na heagraíochtaí Gaeilge i nDún Droma agus sa cheantar mórthimpeall. Cuid de na heagraíochtaí a mbíonn AN FORAS PÁTRÚNACHTA ag obair leo ná Conradh na Gaeilge, Comhluadar, Glór na nGael, Gaelscoileanna Teoranta agus Forbairt Naíonraí Teoranta.

Léiríonn an t-eolas seo a leanas an dea-thoil agus an dearcadh dearfach i leith na Gaeilge atá i ndeisceart Bhaile Átha Cliath:

1. Tá trí Ghaelscoil déag (13) ag feidhmiú i ndeisceart Bhaile Átha Cliath:

•          Gaelscoil Chluain Dolcáin, Cluain Dolcáin, BÁC 22

•          Gaelscoil Chnoc Liamhna, Cnoc Liamhna, BÁC 16 (An Foras Pátrúnachta)

•          Gaelscoil Inse Chór, Droichead na hInse, BÁC 8

•          Gaelscoil Lios na nÓg, Raghnallach, BÁC 6 (An Foras Pátrúnachta)

•          Gaelscoil Mológa, Crois Araild, BÁC 6W

•          Gaelscoil Na Camóige, Cluain Dolcáin, BÁC 22

•          Gaelscoil Phádraig, Baile Breac, Co. Bhaile Átha Cliath (An Foras Pátrúnachta)

•          Gaelscoil Thaobh na Coille, An Chéim, BÁC 18 (An Foras Pátrúnachta)

•          Scoil Chaitlín Maude, Tamhlacht, BÁC 24

•          Scoil Lorcáin, Baile na Manach, Co. Bhaile Átha Cliath

•          Scoil Naithí, Dún Droma, BÁC 16

•          Scoil Naomh Brighde, Raghnallach, BÁC 6

•          Scoil Santain, Tamhlacht, BÁC 24

Tá tuairim is 3,530 dalta ag freastal ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge sa cheantar faoi láthair. Nuair a bheidh na scoileanna seo ar fad ag feidhmiú ar uasmhéid acmhainneachta, meastar go mbeidh 5,531 dalta ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge ag an mbunleibhéal i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Beidh bunscoil nua lán-Ghaeilge ag oscailt sa Chéim agus i dTeach na Giúise in 2013.

2. Tá sé naíonra dhéag Gaeilge (16) i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Tá formhór acu nasctha leis na Gaelscoileanna sa cheantar, a chiallaíonn go leanann na páistí lena gcuid oideachais lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal.

3. Gaelcholáistí sa cheantar ná: Coláiste Eoin agus Coláiste Íosagáin ar Bhóthar Stigh Lorgan, Coláiste de hÍde i dTamhlacht agus Coláiste Chillian i gCluain Dolcáin. Tá Gael-Choláiste an Phiarsaigh ag súil go mór le comhoibriú leo i gcur chun cinn an oideachais lán-Ghaeilge sa cheantar.

4. Tá dhá chlub óige a eagraíonn imeachtaí do dhaoine óga trí mheán na Gaeilge go seachtainiúil sa cheantar.

5. Cuireann na Gaelscoileanna agus na Gaelcholáistí ranganna Gaeilge ar fáil do dhaoine fásta.

7. Bíonn ciorcal comhrá ar siúl i Leabharlann Dhún Droma gach maidin Dé Luain.

8. Tá craobhacha de Chonradh na Gaeilge, grúpaí pobail cheantar Naithí, coiste de Ghlór na nGael agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann ag feidhmiú sa cheantar.

9. Bíonn imeachtaí áitiúla ar siúl i rith Sheachtain na Gaeilge gach bliain.

10. Léirigh Daonáireamh 2006 go bhfuil fás tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge, ó 394,240 (Daonáireamh 2002) go 410,669 (Daonáireamh 2006) i mBaile Átha Cliath agus is é ár dtuairim láidir go bhfuil fás tagtha ar an bhfigiúr seo ó shin.

An scoil agus an pobal

I bhfianaise an mhéid atá ráite thuas tá an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach an-láidir sa cheantar. Tuigtear freisin gur ceantar ilchultúrtha é Dún Droma agus go raibh gá aird ar leith a thabhairt ar mhianta na dtuismitheoirí seo. Cuireadh béim mhór ar an uileghabhálacht agus tá sé seo le feiceáil sa chinneadh a rinneadh scoil Ilchreidmheach comhoideachasúil a oscailt.

 

Sainspiorad Ghaelcholáiste an Phiarsaigh na Scoile

An Ghaeilge

Beidh an Ghaeilge ina teanga chumarsáide sa scoil idir dhaltaí, foireann agus bord bainistíochta, agus beidh sárchaighdeán oideachais á chur ar fáil i ngach ábhar, an Béarla san áireamh. Bíonn córas an tumoideachais i bhfeidhm i scoileanna AN FORAS PÁTRÚNACHTA mar go bhfuil sé aitheanta gurb é seo an córas is éifeachtaí chun an teanga a shealbhú. Tá a lán buntáistí ag baint leis an oideachas dátheangach agus déantar cur síos orthu thíos. Cuimsítear na buntáistí seo a leanas mar bhuntáistí a bhaineann leis an dátheangachas; féinmhuinín níos airde, ardú sa chumas cognaíoch agus cumas níos fearr sa dara teanga (Béarla i gcás na nGaelscoileanna). Cuireann an tumoideachas an dátheangachas chun cinn ar bhonn nádúrtha, chomh maith leis an délitearthacht a fhorbairt ag an am céanna.

Forbraíonn agus leathnaíonn sé seo cruthaitheacht agus íogaireacht chumarsáide na ndaltaí. Bíonn ardú féinmhuiníne sa pháiste mar thoradh ar an dátheangachas, rud a chruthaíonn tuiscint níos doimhne ina gcuid féinaitheantais. Tumtar na daltaí trí éiteas an Ghaelcholáiste i gcultúr na hÉireann, ar bhonn foirmiúil agus neamhfhoirmiúil araon. Mar thoradh air seo, cothaítear tuiscint agus meas níos doimhne iontu ar an ilchultúrachas atá i sochaí an lae inniu.

Léirigh taighde faisnéise a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais i dTuaisceart na hÉireann go raibh dearcadh an-dearfach ag iardhaltaí Gaelscoileanna ar an taithí oideachasúil agus chultúrtha a bhí faighte acu ar scoil. Tugadh le tuiscint chomh maith go raibh siad níos oscailte don éagsúlacht chultúrtha agus go raibh caoinfhulaingt níos doimhne acu ar na cultúir seo mar gheall ar an taithí ar shaibhriú cultúir a bhí faighte acu.

Ilchreidmheach

Gaelcholáiste Ilchreidmheach, comhoideachasúil í Gael-Choláiste an Phiarsaigh, a bheidh iniatach go sóisialta agus go cultúrtha, agus a chuirfidh sárchaighdeán oideachais ar fáil trí mheán na Gaeilge. Cuirfidh sé féiníomhá dhearfach an dalta agus meas do chách, don chultúr, don chomhphobal agus don timpeallacht chun cinn:

• Beidh cur chuige fáilteach Ilchreidmheach á fheidhmiú sa scoil. Beidh na daltaí ag foghlaim faoi reiligiúin agus faoi chórais chreidimh éagsúla. Cuirfear béim ar fhorbairt moráltachta, eiticiúlachta agus spioradálta an dalta.

• Tá dualgas ar an mbord bainistíochta spiorad sainiúil na scoile a chosaint agus tá sé freagrach don phátrún as sin a dhéanamh.

De bharr go bhfuil éiteas Ilchreidmheach ag Gael-Choláiste an Phiarsaigh, léireofar an meas céanna do dhaltaí ó gach cúlra sóisialta, cultúrtha agus reiligiúnach. I gceantar chomh hilchineálach leis seo, bheadh sé oiriúnach go mbeadh na daltaí ó na cúlraí éagsúla ar fad atá ag freastal ar na Gaelscoileanna áitiúla faoi láthair in ann leanúint ar aghaidh ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge i nGael-Choláiste an Phiarsaigh.

 

Tuismitheoirí

Tá luach an-ard ar ionchur na dtuismitheoirí i nGaelcholáistí. Tugann rannpháirtíocht na dtuismitheoirí agus comhpháirtíocht na foirne léargas suntasach do na daltaí ar chomhoibriú praiticiúil sa chomhphobal. Tacaíonn sé seo leis na luachanna a chuirfear chun cinn sa scoil agus spreagann sé na daltaí a bheith ag obair le chéile i réimse leathan suíomhanna chun aidhmeanna comhaontaithe a bhaint amach.

Beidh an scoil dalta-lárnach, Ilchreidmheach agus comhoideachasúil. Cuirfear béim ar leith ar na páirtithe éagsúla a bheith ag obair as láimh a chéile chun scoil den scoth a chruthú. Is cuma cén cúlra sóisialta, cultúir nó creidimh atá ag na daltaí beidh siad agus a muintir mar chuid lárnach de phobal na scoile.

 

 

Curaclam

Beidh Creat Nua don tSraith Shóiseareach i bhfeidhm do Mheán Fómhar 2014.  Soláthróidh Gael-Choláiste an Phiarsaigh clár oibre bunaithe ar an gCreat Nua agus beidh curaclam iomlán ar fáil faoi mar atá thíos de réir rialacha na Roinne Oideachais agus Scileanna. Cuirfear ábhair ar fáil de réir an Churaclaim Náisiúnta agus de réir an chuir chuige atá molta sa Chreat Nua. Méadófar ar an rogha ábhar de réir éileamh ó dhaltaí. Nuair a bhaineann an scoil uasmhéid acmhainneachta amach, cuirfear an réimse is leithne agus is féidir ar fáil. Beidh béim ar leith á chur ar an teicneolaíocht mar uirlis chun gach ábhar a mhúineadh. Leagtar béim ar leith ar fhorbairt fhéith na cruthaíochta agus na cinnireachta i ngach Gaelcholáiste i ngach réimse de shaol na scoile.

Curaclam molta an Teastais Shóisearaigh:

Croí-ábhar

•          Gaeilge

•          Béarla

•          Matamaitic

•          Tíreolaíocht

•          Oideachas Sibhialta, Sóisialta agus Polaitiúil

•          Staidéar Gnó

•          Teangacha Iasachta mar shampla: Fraincís, Spáinnis,  Gearmáinis

•          Eolaíocht

•          Stair

•          Reiligiún

•          Eacnamaíocht Bhaile

•          Grafaic Theicniúil

•          Miotalóireacht

•          Ceol

•          Teicneolaíocht

•          Ábhar (Adhmad)

•          Corpoideachas

Na hábhair eile atá ar fáil ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh ná Laidin/Staidéar Clasaiceach agus Iodáilis/An tSean-Ghréigis. Mar aon le formhór na scoileanna dara leibhéil, más féidir, cuirfear na hábhair seo ar fáil ag brath ar éileamh. Déanfar gach ábhar a thabhairt mar rogha do gach dalta is cuma cén inscne.

Riachtanais speisialta

Tá riachtanais ar leith ag gach dalta. Aithneofar na riachtanais seo agus cuirfear pleananna indibhidiúla ar fáil dóibh. Déanfar mar sin soláthar oideachais a dhéanamh do gach dalta bunaithe ar an contanam cabhair molta ag NEPS agus ag cloí leis an Acht Oideachais 1998, Acht EPSEN 2004, chomh maith le treoracha agus ciorcláin éagsúla na Roinne i leith tacaíocht foghlamtha.

Déantar gach iarracht freastal iomlán ar pháistí le riachtanais speisialta. inár scoileanna. Cuirftear cúnamh ar fáil do dhaltaí chun a chinntiú go ndéanann siad chomh maith agus is féidir leo sa scoil. Tá daltaí leis na riachtanais chéanna agus atá i scoileanna Béarla ag fáil oideachais i nGaelcholáistescoileanna AN FORAS PÁTRÚNACHTA. I measc na riachtanas seo tá disléicse, diospraicse agus NHEA. Cuireann na Gaelcholáistíár scoileanna béim ar fhorbairt iomlán an ár ndaltaí. Ciallaíonn sé seo go bhfaigheann gach dalta deis a gcuid scileanna agus buanna éagsúla a fhorbairt agus a léiriú i saol na scoile. Mar thoradh ar an bpróiseas tá gach dalta, is cuma cén ábaltacht acadúil atá aige/aici, páirteach go h-iomlán i saol na scoile. An toradh atá ar seo go bhforbraíonn an dalta mar dhuine féinmhuiníneach a ghlacann páirt ghníomhach ina shochaí.