An Polasaí Gaeilge


Gaelcholáiste an Phiarsaigh

Polasaí Gaeilge

 

Ráiteas Físe

Tá an Polasaí Gaeilge seo ann chun éiteas agus fís na scoile a chur i bhfeidhm agus chun go mbeidh gach duine a thagann i dteagmháil leis an scoil, pobal uile na scoile chomh maith le cuairteoirí chun na scoile ar an eolas faoin bpolasaí. ‘Sí an Ghaeilge croílár oidhreacht agus fhéiniúlacht na nGael. Idéalachas agus dílseacht don Ghaeilge féin agus don chultúr Gaelach is bunús leis an scoil seo , idéalachas agus dílseacht a bhíonn ár dtreorú agus ár dtiomáint.  Cruthóidh na glúine de scoláirí, de mhúinteoirí agus de thuismitheoirí a thiocfaidh thar thairseach Ghaelcholáiste an Phiarsaigh uaidh seo go ceann na mblianta fada, gur saibhre go mór í oiliúint an duine ach a theanga agus a chultúr féin a thabhairt leis.

 

An Ghaeilge:

De bharr gurbh í an Ghaeilge an bhunchloch ar a bunaíodh an scoil is í an Ghaeilge príomhtheanga chumarsáide na scoile agus ar gach ócáid a mbailíonn pobal na scoile le chéile. Dá thairbhe sin, tá stádas ar leith aici i saol iomlán phobal na scoile.

Tá ár bpolasaí Gaeilge dearfach. Tá bunchloch an pholasaí leagtha ar dhá mhórphionsabal i gcúrsaí oideachais an lae inniu.

 

(A)  Tumadh iomlán- ‘sé sin go mbeadh na scoláirí báite go hiomlán sa Ghaeilge. Cloisfidh sé/sí go seasta í sa timpeallacht. Beidh foghlaim fhoirmiúil agus foghlaim neamh-fhoirmiúil ann ó cheann ceann an lá scoile.

 

(B)  An Scoláire mar chroílár a c(h)uid oideachais féin. Treorófar agus gríosófar é/í chun an teanga a thabhairt leis/léi. Molfar, spreagfar agus gríosófar an scoláire chun a dhícheall/dícheall a dhéanamh chun í a úsáid agus ní hamháin é sin ach chun barr feabhais a bhaint amach i gcaighdeán na Gaeilge, idir labhartha agus scríofa.

 

 

Tá Riail na Gaeilge agus a céimeanna imlínithe mar chuid den chód iompair agus cuirtear an riail sin i bhfeidhm, más gá, i dteannta an pholasaí seo a bhaineann le gach duine. Caithfidh gach duine idir mhúinteoirí, tuismitheoirí agus scoláirí é sin a thuiscint.

 

 

Riail na Gaeilge:

Chomh maith leis an gcur chuige dearfach i leith na Gaeilge is gá don scoil rialacha a chur i bhfeidhm maidir le labhairt na Gaeilge le deimhin a dhéanamh de gurb í an Ghaeilge a bheas ina teanga chumarsáide de shíor.

Is í an riail ná: Caithfidh gach scoláire an Ghaeilge a labhairt sa scoil ó thus go deireadh an lae agus ag aon ócáid scoile ar thalamh na scoile nó taobh amuigh den scoi a mbíonn baill de phobal na scoile le chéile i láthair. Glactar le húsáid an Bhéarla sna ranganna Béarla agus le húsáid teangacha eile sna ranganna a bhaineann leis na teangacha sin mar shampla an Fhraincis.

Sa chás neamhdhóchúil go sáraítear* Riail na Gaeilge, ní bheidh de rogha ag Údaráis na Scoile ach gníomhú ar an mbealach incriminteach seo a leanas:

*Sainmhínítear “sárú” chomh fada agus a bhaineann sé leis an bpolasaí seo mar abairt iomlán nó níos mó a bheith á labhairt i dteanga nach í an Ghaeilge í, cloiste ag ball foirne, gan údarás a bheith tugtha chun an teanga sin a úsáid.

 

 

Riail na Gaeilge: Céimeanna i gCás Sáraithe/Sáruithe

1)     Foláireamh ó bhéal ón mball foirne a chloiseann an sárú agus taifead leictreonach a bheith déanta ar chomhad an scoláire.

2)     Foláireamh ó bhéal ón bpríomhoide chomh maith le taifead leictreonach, obair scríofa a bheith tugtha ar ábhar ábhartha agus nóta a bheith curtha i ndialann an scoláire le bheith sínithe ag tuismitheoir(í)

3)     Fionraí lae inmheánach agus coinne idir an Príomhoide, tuismitheoirí agus an scoláire

4)     Fionraí lae baile agus coinne idir an príomhoide, tuismitheoirí, an scoláire agus Cathaoirleach an Bhoird.

5)     Cuirtear cás an scoláire os comhair an Bhoird a dhéanfaidh plé ar thodhchaí an scoláire sa scoil.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Cuirtear béim i gcónaí ar an gcaighdeán is airde Gaeilge a bheith in úsáid ar fud na scoile.

Beidh dlúthbhaint idir an scoil agus pobal na Gaeilge sa cheantar agus bítear ag súil leis go mbeidh ionchur ag an scoil i agus tionchar aici ar imeachtaí sa cheantar a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh.

Tapóidh an scoil gach aon deis an Ghaeilge agus an cultúr na Gaeilge a chur chun cinn.

 

Scoileanna Friothálacha:

De réir an pholasaí iontrála tugtar tús áite do scoláirí teacht chun na scoile ó bhunscoileanna lánGhaeilge ach sa chás go mbíonn spás fáiltítear roimh dhaltaí ó bhunscoileanna nach Gaelscoileanna iad.  Éilítear agus bítear ag súil le tiomantas iomlán don Ghaeilge ó gach uile scoláire a chláraíonn sa scoil beag beann ar an mbunscoil as a dtagann an scoláire.

An Ghaeilge mar mheán teagaisc:

  • Is í an Ghaeilge an meán trína múintear gach ábhar seachas an Béarla agus na teangacha iasachta a mhúintear trí mheán na dteangacha sin.
  • Maidir le hacmhainní teagaisc is acmhainní Gaeilge a úsáidtear sa scoil chomh fada agus a bhíonn fáil ar a leithéid agus iad ar chaighdeán sásúil.  Mura mbíonn a leithéid ar fáil déantar nótaí a réiteach agus a chur ar fáil.
  • Úsáidtear an Ghaeilge i gcónaí i nótaí ranga agus i gcuir i láthair dhigiteacha agus eile a úsáidtear sa seomra ranga.
  • Ní bhaintear úsáid as leabhair, nótaí, nó ábhair teagaisc eile i mBéarla sa chás go mbíonn a macasamhail ar fáil i nGaeilge.
  • Tugann gach scoláire faoi gach scrúdú (scrúduithe stáit san áireamh) trí mheán na Gaeilge, (eisceachtaí : an Béarla agus na codanna sin de pháipéir na dteangacha iasachta  gur gá a fhreagairt sna teangacha sin).
  • Cothaítear atmaisféar a spreagann meas ar ghnéithe fiúntacha dár gcultúr dúchasach m.sh. ceol, damhsa, ealaín, cluichí Gaelacha, srl.

 

Labhairt na Gaeilge

–       Déanfaidh gach duine de phobal na scoile an Ghaeilge a labhairt taobh istigh den scoil agus ag ócáidí scoile lasmuigh den scoil.

–       Déantar baill foirne a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge ar a dtoil acu a earcú.  Cuirtear inniúlacht sa Ghaeilge san áireamh agus baill foirne á gceapadh.  Áirítear anseo an fhoireann teagaisc agus déanfar gach iarracht chomh fada agus is féidir.

–       I gcás cuairteoirí chuig an scoil bítear ag súil go labhródh siad an oiread Gaeilge agus is  féidir leo.  Más gá Béarla a labhairt ba cheart a laghad agus is féidir a labhairt nó ba cheart gan tús áite a thabhairt don bhéarla i dtimpeallacht na scoile agus ag ócáidí scoile.

–       Cuirtear cuairteoirí chuig an scoil ar an eolas faoin bpolasaí seo agus mealltar iad chun an Ghaeilge a labhairt le linn dóibh a bheith i measc phobal na scoile.

Comhfhreagras Fógraí/Ábhair Chlóite

Cuirtear fógraí in airde i nGaeilge amháin nó dhátheangach seachas sna seomraí ina múintear an Béarla nó na teangacha iasachta.  Bíonn gach comhfhreagras ón scoil i nGaeilge amháin nó dhátheangach.  (Áirítear teachtaireachtaí téascsa anseo chomh maith le brúfhógraí,tuíteanna agus ríomhphostanna)

 

Comhfhiosacht faoin nGaeilge

Bíonn muid de shíor ag cur na Gaeilge chun cinn ar an iliomad bealaí gur féidir. Is iad na múinteoirí príomhfhoinse Ghaeilge na scoláirí sa scoil. Is ar fhoireann agus phobal na scoile ar fad a thiteann sé an Ghaeilge a spreagadh i measc na scoláirí. Bíonn an bhéim i gcónaí ar spreagadh dearfach. Ní teanga teagaisc amháin í. Níl sí teoranta don seomra ranga amháin. Tá sé tábhachtach go dtuigfeadh geallsealbhóirí na scoile é seo, gur teanga bheo í. I measc na mbealaí a ndéantar é seo tá:

–       Ranganna Gaeilge dírithe ar stair na Gaeilge.

–       Óráid ón bpríomhoide/múinteoirí eile do bhliainghrúpaí/ranganna difriúla.

–       Labhairt faoin nGaeilge ag clárú go rialta.

–       Cuireadh a thabhairt d’aoichainteoirí teacht chun na scoile chun ceist na Gaeilge a phlé.

–       Comórtas i labhairt na Gaeilge a chur ar siúl.

–       Eolas a thabhairt faoi ionchur na Meán i gcur chun cinn na Gaeilge

–       Eolas a thabhairt ar shuíomhanna idirlín a bhíonn dírithe ar an nGaeilge agus naisc a chruthú dóibh ar shuíomh na scoile

–       Comhéadain na gcóras oibriúchán ar na ríomhairí a bheith i nGaeilge agus aon phacáiste eile a mbíonn fáil air a shuiteáil ar ríomhaire na scoile.

–       Teagmháil rialta a dhéanamh le heagraíochtaí ar nós ‘Gaelscoileanna Teo.’ agus COGG

–       Eolas a chur ar Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003)

–       Eolas a chur ar fail faoin gCoimisinéir Teanga agus cearta teanga

–       Eolas a scaipeadh faoi chúrsaí ollscoile trí mheán na gaeilge agus faoi ghairmeacha le Gaeilge.

–       Teagmháil rialta a dhéanamh le heagraíochtaí áitiúla.

–       Teagmháil rialta a dhéanamh le Gaelcholáistí eile.

–       Páirt a ghlacadh i gcomórtais idirscoileanna ina mbíonn an Ghaeilge mar mheán cumarsáide.

 

 

Teidil/Ainmneacha

  •  Úsáidtear an leagan Gaeilge de theidil sheomraí agus ionaid éagsúla ar fud na scoile agus bíonn an chomharthaíocht ar fad i nGaeilge amháin, ach amháin má bhíonn an chomharthaíocht dírithe ar chuairteoirí agus/nó ar shláinte agus sábháilteacht agus sa chás seo baintear leas as léaráidí nó as leagan dátheangach más cuí.
  • Baintear leas i gcónaí as an leagan Gaeilge de shloinnte phobal na scoile más ann do leagan Gaeilge.

Cruinnithe

  • Tionólfar gach cruinniú sa scoil as Gaeilge amháin nó dhátheangach
  • Bionn cruinnithe múinteoirí as Gaeilge amháin chomh maith le cruinnithe den Bhord Bainistíochta.
  • Déantar gach iarracht cruinnithe de Chumann na dTuismitheoirí a bheith i nGaeilge agus sa chás nach féidir tionóltar cruinnithe dhátheangacha agus tugtar tús áite don Ghaeilge.
  • Déantar cruinnithe ginearálta agus oícheanta oscailte do thuismitheoirí a thionól go dhátheangach agus tugtar tús áite don Ghaeilge.

 

 

Glactha agus faofa ag cruinniú den Bhord Bainistíochta ar:

Dáta: ______________________

 

Síniú: __________________________________ (An Cathaoirleach)

 

Dáta Athbhreithnithe: Bealtaine, 2015.