Polasaí Iontrála (Gaeilge)

Gaelcholáiste an Phiarsaigh

Polasaí Iontrála

Réamhrá

Réamhrá

Bunaíodh an scoil seo chun freastal ar éileamh ar oideachas dara leibhéal lánGhaeilge ag tuismitheoirí ó bhunscoileanna lánGhaeilge.  Aithníonn Bord an choláiste teaghlaigh na nGaelscoileanna mar a phríomhchúram seachas foras oideachais thar foras oideachais eile.

 

Is iad An Foras Pátrúnachta i dteannta Bhord Bainistíochta Ghaelcholáiste an Phiarsaigh a leag amach an polasaí iontrála seo. Tá an polasaí ag teacht le treoracha ón Roinn Oideachais & Scileanna agus comhlíonann sé na dualgais reachtúla atá orainn.

 

Is scoil Ilchreidmheach lánGhaeilge í Gaelcholáiste an Phiarsaigh faoi phátrúnacht An Fhoras Pátrúnachta. Tá sé d’aidhm ag An bhForas Pátrúnachta go gcuirfidh na scoileanna faoina bpátrúnacht oideachas den scoth trí mheán na Gaeilge ar fáil do na scoláirí atá ag freastal orthu.

 

Maoiniú

Beidh an scoil páirteach i scéim shaoroideachais an Roinn Oideachais agus Scileanna.

 

Sainspiorad

Is scoil lánGhaeilge chomhoideachasúil Ilchreidmheach í Gaelcholáiste an Phiarsaigh. Fáiltítear roimh scoláirí taobh istigh de na critéir atá leagtha amach sa pholasaí seo.

 

Curaclam

Leanann an scoil an curaclam a leagann an Roinn Oideachais & Scileanna síos ó am go chéile faoi Rannóg 30 den Acht Oideachais 1998, agus comhlíonaimid na dualgais atá orainn faoi Rannóg 9 den acht céanna.

 

Cód Iompair

Cuirtear cóip den chód iompair chuig gach tuismitheoir le léamh agus le glacadh leis sula dtáirgtear áit dá mhac/iníon sa scoil.

 

Modh Iarratais

Glactar le hiarratais ón 1 Meán Fómhair nuair atá an dalta i rang a 5 sa bhunscoil go dtí 30 Meán Fómhair sa bhliain ina dtosaíonn an dalta i rang a 6. Cuirtear in iúl do thuismitheoirí taobh istigh de 21 lá ón dáta sin cé acu an bhfuil nó nach bhfuil áit faighte acu. Má tá spás fágtha sna ranganna glactar le hiarratais a fhaightear tar éis an spriocdháta. Ní ghlactar ach le foirmeacha iarratais comhlánaithe.

 

Dáileadh na nÁiteanna

Tugtar áit i mbliain a 1 do dhaltaí atá ag aois aitheanta mheánscoile. Ní leithdháilfear níos mó ná 90 áit sa Chéad Bhliain ar iarrthóirí cáilithe a bhfuil Foirm Iarratais ina leith, a comhlánaíodh i gceart don bhliain ábhartha iontrála agus riachtanais na foirme comhlíonta, faighte uathu ag an scoil faoin spriocdháta, (30 Meán Fómhair Rang 6), don bhliain iontrála chuí. Dáiltear áiteanna taobh istigh de 21 lá ón dáta sin ar scoláirí ar éirigh leo áit a bhaint amach sa scoil agus cuirfear in iúl do thuismitheoirí / chaomhnóirí faoin toradh i scríbhinn (mar a éilíonn an tAcht Leasa Oideachais 2000).

 

Caithfear le siblíní (.i. cúplaí nó tríríní), ar mhaithe leis an ord ina ndéantar áiteanna a dháileadh, mar aon iarrthóir amháin agus go ndeimhníonn leithdháileadh áite do dhuine amháin acu leithdháileadh áite don duine eile.

 

Ciallaíonn freastal ar aon cheann de na scoileanna thíos freastal ar an scoil sin ar feadh dhá scoilbhliain iomlán ar a laghad.

 

Má bhíonn níos mó iarratais ná líon na spásanna ag aon céim thíos, déanfar crannchur i measc na hiarratas ag an céim áirithe sin.

 

Sa chás go sáraíonn na hiarratais ar iontráil an líon spásanna atá ar fáil, leithdháilfidh an Bord Bainistíochta áiteanna san ord seo a leanas:

 

Céim a 1.

Deartháireacha / Deirfiúracha le scoláirí atá ag freastal ar Ghaelcholáiste an Phiarsaigh.

 

Céim a 2.

Mac nó iníon le duine d’fhoireann Gaelcholáiste an Phiarsaigh.

 

Céim a 3.

Deartháireacha / Deirfiúracha le scoláirí a d’fhreastail ar Ghaelcholáiste an Phiarsaigh.

 

Céim a 4.

Daltaí a d’fhreastail ar aon cheannde na Gaelscoileanna seo a leanas toisc gurb é Gaelcholáiste an Phiarsaigh an Iar-bhunscoil lán-Ghaeilge is cóngaraí dóibh. (Tá na scoileanna thíos liostáilte in ord gaireachta i gcomparáid le hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge eile, agus ní in ord tosaíochta).

  • Scoil Naithí
  • Scoil Mológa
  • Gaelscoil na Fuinseoige
  • Gaelscoil Chnoc Liamhna

 

Céim a 5.

Daltaí a d’fhreastail ar aon cheannde na Gaelscoileanna seo a leanas toisc nach bhfuil ach <2km sa difríocht idir Gaelcholáiste an Phiarsaigh agus an Iar-bhunscoil lán-Ghaeilge is cóngaraí dóibh. (Tá na scoileanna thíos liostáilte in ord gaireachta i gcomparáid le iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge eile, agus ní in ord tosaíochta)

  • Gaelscoil Lios na nÓg
  • Scoil Bhríde
  • Gaelscoil Thaobh na Coille
  • Gaelscoil na Giúise
  • Gaelscoil Inse Chóir
  • Gaelscoil Shliabh Rua

 

Céim a 6.

Daltaí ó Ghaelscoileanna eile nach é Gaelcholáiste an Phiarsaigh an iar-bhunscoil lán-Ghaeilge is cóngaraí dóibh agus Scoileanna Gaeltachta.

 

Céim a 7.

Daltaí ó bhunscoileanna eile a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. Cuirfear gaireacht don Ghaelcholáiste san áireamh agus tabharfar tús áite do lucht na scoileanna is gaire.  Ar mhaithe le dea-chleachtais phleanála teanga agus teangeolaíochta glacfar le scoláirí nár fhreastail ar scoileanna lánGhaeilge ach ní rachfar thar uasmhéid de 15% de rollachán iomlán na chéad bliana.

 

Liosta Feithimh

Cuirfear scoláirí nach ndáiltear áit orthu taobh istigh de 21 lá ar liosta feithimh. Cuirfear liosta feithimh le chéile bunaithe ar an 7 gcéim thuas. Fanfaidh an liosta feithimh seo i bhfeidhm go dtí 1 Meán Fómhair den bhliain iontrála.

 

Glacadh le háiteanna

Nuair a dhéantar tairiscint ar áit, ní mór do thuismitheoirí / chaomhnóirí dearbhú i scríbhinn go bhfuil siad ag glacadh leis an áit seo. Mura nglactar leis an áit roimh an dáta a bheidh luaite sa litir tairisceana, d’fhéadfaí an tairiscint a aistarraingt.

 

Cásanna Eisceachtúla

I gcás an-eisceachtúil, d’fhéadfadh an Bord Bainistíochta cinneadh a dhéanamh i leith iarratais ar áit i nGaelcholáiste an Phiarsaigh, nach raibh ag teacht leis na coinníollacha thuas. Ní dhéanfar é seo ach sa chás go bhfuil cúinsí eisceachtúla i gceist agus gurb í tuairim an Bhoird agus an Phríomhoide go bhfuil leas an iarrthóra / na scoile ag brath ar an gcinneadh seo.

 

Aistriú ó Scoileanna Eile

Ní chuirfear áiteanna ar fáil de ghnáth i ranganna os cionn Bhl.1, ach amháin sa chás go bhfuil an líon sa rang sin faoi bhun 24 dalta. Má tá áit ar fáil cuirfear agallamh ar an iarrthóir le cinntiú go bhfuil caighdeán Gaeilge an iarrthóra maith go leor chun gur féidir leis/léi tairbhe a bhaint as an rang a bhfuil sé/sí ag dul isteach ann. Má fhágann scoláire an scoil ní féidir a áit sa scoil a choimeád. Cuirtear in iúl do thuismitheoirí nuair atá an áit á tairiscint dóibh gur scoil Ilchreidmheach, lánGhaeilge í Gaelcholáiste an Phiarsaigh agus gur ar an tuiscint seo a ghlacann siad leis an áit.

 

Ról an Phríomhoide i leith dáileadh na n-áiteanna

Is féidir leis an mBord Bainistíochta an t-údarás a bhronnadh ar an bPríomhoide na háiteanna a dháileadh de réir an pholasaí seo. Ní cheadófar áfach don Phríomhoide cinneadh a dhéanamh faoi chásanna eisceachtúla. Déanfar cinneadh faoi aon chás dá leithéid ag leibhéal an Bhoird.

 

Achomharc

Faoi Rannóg 29 den Acht Oideachais 1998 tugtar cead do thuismitheoirí achomharc a lorg ar chinneadh a dhéanann an Bord Bainistíochta i leith:

 

  • Díbirt dalta ón scoil
  • Fionraí dalta
  • Diúltú áite sa scoil

 

Ba chóir go ndéanfaí iarratas sa chéad áit go dtí an Bord Bainistíochta féin, chomh luath is a chuirtear in iúl don tuismitheoir. Mura bhfuil toradh sásúil ar an scéal is féidir iarratas ar achomharc a dhéanamh leis an Roinn Oideachais & Scileanna. Ní mór é seo a dhéanamh taobh istigh de 20 lá scoile.

 

Má tá aon difríocht idir an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla den pholasaí seo, tabharfar tosaíocht don leagan Gaeilge. Déanfar athbhreithniú rialta ar an bpolasaí seo.

Mí na Bealtaine, 2018.