Comórtas Aistriúcháin don AE

EU Translation competition
21-Márta-25
Comórtas Aistriúcháin don AE

Ghlac scoláirí ón gcúigiú bliain páirt i gcomórtas aistriúcháin le déanaí. Chuir siad feabhas ar a scileanna teanga sa Ghaeilge agus i dteangacha eile. Léigh thíos an cur síos a rinne na hiomaitheoirí, Lorcán Ó Bréartúin, Maria Ní Mhaoláin agus Róisín Binse ar an eispéireas.

Thug an múinteoir Marianna deis iontach dúinn, deis páirt a ghlacadh i gcomórtas aistriúcháin eagraithe ag an Aontas Eorpach. An rud a bhí i gceist ná alt fada a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge. Bhí roghanna eile ann chomh maith ar nós an Ghearmáinís agus an Fraincís. Tugadh t-léinte dúinn ón gCoimisiún Eorpach a bhí ar fheabhas. Bhí sé dúshlánach sa chaoi go raibheamar faoi bhrú ama mílteanach. Cé go raibh sé deacair, fuaireamar taithí ar conas aistriúchán ceart a dhéanamh. Ba bhealach éifeachtach é le foghlaim faoi conas is féidir an Ghaeilge a úsáid amach anseo. Léiríodh dúinn go raibh buntáiste ag baint lenár dteanga dhúchasach a labhairt. Slán agus Auf Wiedersehen ó na hAistritheoirí Óga!

Lorcán Ó Bréartúin, Maria Ní Mhaoláin & Róisín Binse (Bl.5)

DFómh 13
2026
Cluiche Peil Ghaelach Sinsear na mBan
DFómh 13
2026
Cluiche Cispheile na bhFear- F.19
DFómh 14
2026
Cispheil na gCailíní- Cluichí F.16 agus F.19
DFómh 15
2026
Ceardlann Bl4: Podchraoltaí - Tinpot
10-MFómh-2026
Join us for our Open Evening!
26-Lún-2026
Welcome back!
© 2026 Gaelcholáiste an Phiarsaigh