Seachtain na Gaeilge 2025

26-Márta-25
Seachtain na Gaeilge 2025

Bhainmear ardsult as ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge i mbliana. Bíonn an Gaeilge ag croílár ár saol scoile gach aon lá den bhliain, ach tugann SnaG deis iontach dúinn ár mbród inár dteanga a cheiliúradh agus a scaipeadh i measc an phobail. Léigh thíos cur síos a rinne Aoibheann agus Cara i mbliain 1, rang Átha Cliath, ar roinnt d'imeachtaí na seachtaine.

Rinneamar ceiliúradh ar Sheachtain na Gaelige i mbealaí éagsúla i mbliana. Ar an Luan bhí seisiún ceoil ag am lóin a bhí thar barr. Gach lá bhí gné na seachtaine ann, maraon le dúshlán in aghaidh an lae agus comórtas filíochta sna ranganna Gaeilge. Ar an gCéadaoin bhí céilí ag gach bliain leis an idirbhliain, bhí an-chraic againn ag damhsa! Déardaoin bhí comórtas aistriúcháin ar siúl ag na sinsearaigh agus ag am lóin bhí ceardlann ar siúl chun bráisléid chairdis a dhéanamh. Ar an Aoine le deireadh an chur leis an seachtain bhí tráth na gceist sna ranganna Gaeilge againn. Fresin bhí blitz camógaíochta and iománaíochta ag na cailíní agus na buachaillí leis na Gaelcholáistí eile. Ar an iomlán seachtain de scoth a bhí ann ag scaipeadh na Gaeilge!

-Aoibheann Ní Leathlobhair agus Cara Ní Lia

Seachtain na Gaeilge 2025Seachtain na Gaeilge 2025Seachtain na Gaeilge 2025Seachtain na Gaeilge 2025Seachtain na Gaeilge 2025
DFómh 13
2026
Cluiche Peil Ghaelach Sinsear na mBan
DFómh 13
2026
Cluiche Cispheile na bhFear- F.19
DFómh 14
2026
Cispheil na gCailíní- Cluichí F.16 agus F.19
DFómh 15
2026
Ceardlann Bl4: Podchraoltaí - Tinpot
10-MFómh-2026
Join us for our Open Evening!
26-Lún-2026
Welcome back!
© 2026 Gaelcholáiste an Phiarsaigh