Turas Ealaíne na Sraithe Sinsearaí

Senior Cycle Art Trip
17-Nollaig-25
Turas Ealaíne na Sraithe Sinsearaí

Chuaigh scoláirí ó ranganna ealaíne na cúigiú agus na séú bliana ar thuras ealaíne chuig IMMA agus go healaín sráide timpeall na cathrach mbliana. Stiúir treoraí chuig an taispeántas ‘Art as Agency’ a bhí ar siúl san iarsmalann. Bhí sé an-spéisiúl ag foghlaim faoin gcoincheap taobh thiar de shaothair éagsúla. Ghlacamar go leor grianghraif agus nótaí mar inspioráid dár saothair ealaíne féin.

I ndiaidh sin shiúlamar timpeall na ngairdíní leis na dealbha go léir a fheiceáil. Chonaiceamar dealbh a bhí cruthaithe ag seanathair ár gcomhscoláire, Siún ann- ‘Eve with Apple’, deartha ag Edward Delaney i 1958.

Nuair a chríochnaíomar san iarsmalann bhí am saor againn le lón a fháil roimh bhailiú le chéile chun turas ealaín sráide a dhéanamh. D’fhoghlaimíomar maidir le cúlraí na saothar agus scéalta suimiúla maidir leo. Lá iontach a bhí ann!

Kayla Chinsealach

Turas Ealaíne na Sraithe Sinsearaí
Meith 03
2026
Na Scrúduithe Stáit (Bl. 3, 6)
28-Aib-2026
Wellbeing garden underway! As part of the 'creative schools' initiative, our wellbeing committee are working diligently on clearing a space at the back of the school for an outdoor classroom and wellness space
17-Aib-2026
Our TY students thoroughly enjoyed their recent trip to Lake Garda
27-Márta-2026
TY Musical 2026
© 2026 Gaelcholáiste an Phiarsaigh