Tús Maith, Leath na hOibre

04-Meán Fómhair-25
Tús Maith, Leath na hOibre

Agus ár gcéad choicís ag teacht chun críche don scoilbhliain 2025-2026, is iontach go bhfuil go leor le ceiliúradh againn!

Chuireamar fáilte chroíúil roimh scoláirí nua na céad bhliana- ranganna Laoise agus Liatroma- agus tá coicís iontach curtha futhu acu ag socrú isteach sa scoil. D'fháiltíomar ar ais roimh na bliainghrúpaí eile agus bhí filleadh rathúil acu uilig- bhí ionduchtú iontach ag an idirbhliain nua agus b'álainn scoláirí na séú bliana a fheiceáil ag filleadh don bhliain dheireanach.

Bhí lá mór ceiliúrtha againn sa scoil Aoine seo caite, le torthaí iontacha rang na hArdteiste 2025, agus arís ar an gCéadaoin i ndiaidh sin le foilsiú na dtairscintí ollscoile. B'iontach dúinn a chloisteáil faoi na pleananna atá acu don todhchaí agus iad chomh ar bís faoin gcéad chéim eile. Déanaimid comhghairdeas leo uilig agus guímid gach rath orthu- táimid fíorbhródúil asaibh!

Táimid ag súil le téarma agus scoilbhliain lán le fás, fuinneamh agus foghlaim.

DFómh 13
2026
Cluiche Peil Ghaelach Sinsear na mBan
DFómh 13
2026
Cluiche Cispheile na bhFear- F.19
DFómh 14
2026
Cispheil na gCailíní- Cluichí F.16 agus F.19
DFómh 15
2026
Ceardlann Bl4: Podchraoltaí - Tinpot
10-MFómh-2026
Join us for our Open Evening!
26-Lún-2026
Welcome back!
© 2026 Gaelcholáiste an Phiarsaigh