Ceoldráma na hIdirbhliana 2026!

TY Musical 2026
27-Márta-26
Ceoldráma na hIdirbhliana 2026!

Ar an 4ú agus an 5ú de Mhárta, chuir scoláirí na hidirbhliana ár gceoldráma ‘Ar Thóir na Siúrach’ (leagan Gaeilge den seó ‘Sister Act’) ar stáitse. Is cinnte go raibh sé mar cheann de na buaicphointí is mó den bhliain, ní hamháin dúinne i mbliain a ceathar ach do phobal na scoile freisin.

B’iad na héisteachtaí i mí Dheireadh Fómhair an chéad chéim den phróiseas. Dúradh linn cén ceoldráma a bhí roghnaithe ag na múinteoirí Dúlra agus Fiona roimh an mbriseadh meánthéarma agus nuair a d’fhilleamar ar an scoil ón sos fuaireamar amach cén ról a bhí ag gach duine.

Agus na róil dáilte, bhí sé in am dúinn tús a chur leis an obair dhian! Bhí go leor amhráin le foghlaim, idir amhráin ghrúpa agus aonréadaigh na bpríomhpháirteanna. Bhí ar na múinteoirí agus daltaí cúpla amhráin a aistriú go Gaeilge. Rinne an Múinteoir Dúlra a lán obair linn le cinntiú go raibh gach duine réidh le canadh ar stáitse.

Dar ndóigh, tá aisteoireacht ag croíláir aon rud ar stáitse freisin. Chabhraigh an Múinteoir Fiona go mór leis an ngné seo, ag lonnú daoine ar an stáitse agus ag léiriú dúinn conas ár nguthanna a theilgeadh. Ó thús go deireadh an phróisis dúirt na múinteoirí rud an-tábhachtach linn- labhraígí go mall!

Bhí go leor damhsa bainteach leis an gceoldráma, agus thug an Múinteoir Zelda cabhair iontach leis an gcóiréagrafaíocht i rith an seó.

Bhí an coiste ealaíne le cabhair ón múinteoir Libby fíor-ghnóthach thar na míonna chomh maith. Bhí orthu an seit a dhearadh agus a phéinteáil agus go leor fearas stáitse a eagrú. Níor tháinig cúpla rud go dtí coicís roimh an seó. Fiú faoi brú ama, d’éirigh leo obair den scoth a dhéanamh, agus cur sé go mór leis an seó deireanach.

Bhí gach duine an-neirbhíseach ar an dá oíche, ach bhí sceitimíní san aer freisin. Rinne na giollaí stáitse post iontach an fearas stáitse a chur amach agus a athrú ó radharc go radharc.

Ar an iomlán, bhí dhá oíche thar barr againn, agus bhí sé cinnte ceann de na rudaí is fearr atá déanta againn san idirbhliain. Ár mbuíochas leis na múinteoirí ar fad a bhí bainteach leis!

Alanna Nic an Iarla agus Maedhbh Nic Cárthaigh

Ceoldráma na hIdirbhliana 2026!Ceoldráma na hIdirbhliana 2026!Ceoldráma na hIdirbhliana 2026!Ceoldráma na hIdirbhliana 2026!
Beal 19
2026
Oíche Bhronnta na hIdirbhliana
Beal 21
2026
Bronnadh Duaiseanna an tSamhraidh
Beal 21
2026
Oíche Bhronnta na Séú Bliana
Beal 22
2026
Lá Spóirt
28-Aib-2026
Wellbeing garden underway! As part of the 'creative schools' initiative, our wellbeing committee are working diligently on clearing a space at the back of the school for an outdoor classroom and wellness space
17-Aib-2026
Our TY students thoroughly enjoyed their recent trip to Lake Garda
© 2026 Gaelcholáiste an Phiarsaigh