Comhdháil Bhliantúil Chomhairlí na Scoláirí de chuid an Fhorais Pátrúnachta

Our student council recently hosted the first annual conference of councils from Fóras Patrúnachta secondary schools
18-Nollaig-25
Comhdháil Bhliantúil Chomhairlí na Scoláirí de chuid an Fhorais Pátrúnachta

D'eagraigh an scoil an chéad Chomhdháil Bhliantúil do Chomhairlí na Scoláirí de chuid an Fhorais Pátrúnachta sa scoil le déanaí. Chuireamar fáilte mhór roimh bhaill Chomhairlí na Scoláirí as Gaelcholáiste Phort Láirge, Meánscoil Gharman, Gaelcholáiste Chill Dara agus Coláiste Ghlór na Mara le lá comhoibrithe a bheith againn chun guth an scoláire a chur chun cinn. Ag tús an lae labhair Max, cathaoirleach an Chomhairle, le fáilte a chur roimh na comhairlí eile- bhí roinnt acu ar thaisteal i bhfad le bheith i láthair! Threoraigh ár mbaill den Chomhairle cluichí cur in aithne ansin agus bhí deis acu aithne a chur ar na scoláirí eile. Ghlac na scoláirí páirt i gceardlann i lár an lae le Conradh na Gaeilge maidir le caidreamh poiblí agus bhí sé an-suimiúil. I ndiaidh lóin, bhí seisiún tobsmaointeoireachta ann leis na comhairlí éagsúla ag roinnt moltaí agus smaointe lena chéile. Lá an-rathúil a bhí ann! Déanann Aoibheann Ní Leathlobhair cur síos ar an imeacht thíos;

Le déanaí, bhí Comhdháil againn don chéad uair leis na gaelcholáistí eile ón bhforas patrúnachta. D’eagraigh muid lá gníomhaíochtaí agus tháinig na scoileanna eile ar cuairt chugainn. D’imríomar cluichí i ngrúpaí le haithne a chur ar na scoláirí ó na scoileanna eile agus ansin rinne muid ceardlann bunaithe ar chaidreamh phoiblí. Bhí sé go deas aithne a chur ar na scoláirí ó na scoileanna eile agus a bheith in ann labhairt lena chéile as Gaeilge agus faoin gcomhairle. I ndiaidh lóin phléigh muid na rudaí a bhí déanta ag an gcomhairle i ngach scoil agus roinneamar moltaí lena chéile. Bhí sé an-suimiúil a chloisteáil cén smaointe a bhí acu óna scoileanna féin- cheap go leor de na scoláirí go raibh moltaí iontacha againn mar chomhairle. Is bealach álainn é comhairle na scoláirí do ghuth a roinnt agus do smaointe a chuir i bhfeidhm chun leasa na scoile.

Lún 27
2026
Athoscailt na Scoile
Lún 27
2026
Bliain 1 ag filleadh ar an scoil
Lún 28
2026
Bliain 3 ag filleadh ar an scoil
Lún 28
2026
Bliain 6 ag filleadh ar an scoil
28-Aib-2026
Wellbeing garden underway! As part of the 'creative schools' initiative, our wellbeing committee are working diligently on clearing a space at the back of the school for an outdoor classroom and wellness space
17-Aib-2026
Our TY students thoroughly enjoyed their recent trip to Lake Garda
27-Márta-2026
TY Musical 2026
© 2026 Gaelcholáiste an Phiarsaigh