Ag tús na bliana, chuir an Coiste Ildánach, in éineacht leis an Múinteoir Libby, suirbhé ar phobal na scoile maidir le húsáidí féideartha don spás follamh lán le duilliúr ar chúl an dísirt. Rinneadh cinneadh athchóiriú a dhéanamh ar an spás chun seomra ranga a chruthú lasmuigh, go bhféadfaí a úsáid mar spás folláine chun aer a fháil nó rang deas a dhéanamh lasmuigh. Bhí a lán oibre ag baint leis an tionscnamh seo mar go raibh an-chuid le glanadh ón spás ach b’fhiú an obair dhian a bhí i gceist. D’oibrigh scoláirí na hidirbhliana, rang folláine na chéad bhliana agus rang ealaíne na tríú bliana go díograiseach ag glanadh agus bhí go leor cúnaimh ar fáil ón bpobal scoile chomh maith. Gabhaimid buíochas mór le hEdward Jones as cuid den spás a ghlanadh le tochaltóir, le Séamus Moran, ár stiúrthóir don tionscadal ‘scoileanna ildánacha’, leis an bhfeighlí Matt as an obair mhór a rinne sé ar an spás agus le Cumann na dTuistí as airgead a thiomsú don ghairdín.
Mar chuid de cheardlann ailtireachta leis an ailtire Naoimh O’Neill, rinne an idirbhliain tobsmaointeoireacht maidir leis an ngairdín. Bhí deis againn mionsamhlacha den spás a chruthú- bhí a lán smaointe difriúla ag an rang maidir leis an gcuma a bheidh ar an seomra seachtrach. Dhear Ciara Ní Rothláin múrmhaisiú don spás, le híomhá den sionnach atá ina cónaí ar shuíomh na scoile agus den bhalla leathair ón leabharlann, in ómós do stair na scoile. Thosaigh mé féin, Ciara, Lara, Diarmuid agus Aoife ag obair ar an bpéinteáil agus táimid ag súil le spás álainn folláine a bheith againn ag deireadh.
Emma Ní Ruairc