Scléip- Comórtas Tallaine

Scléip- Talent Competition
13-Samhain-25
Scléip- Comórtas Tallaine

Ghlac ár scoláirí páirt i 'Scléip' le déanaí, comórtas tallaine do na Gaelcholáistí éagsúla. Iniata thíos tá cur síos ar éachtaí na n-iomatheoirí ó Aoibhí Ní Adhmaill agus Clodagh Ní Ruáin, bliain 3, a ghlac páirt sa chomórtas. Guímid gach rath ar Aoibhí sa chéad bhabhta eile!

An téarma seo d’fhreastalaíomar ar an gComórtas tallaine ‘Scléip’. Is comórtas tallaine é ‘Scléip’ do Ghaelcholáistí na tíre. Bíonn sé mar ceann de bhuaicphointí na bliana i gcónaí do scoláirí ceolmhara na scoile agus bainimid an-sult as! I mbliana, bhí dhá fhoireann againn sa chatagóir ‘Slua Amhránaíochta’. Rinne grúpa scoláirí ón gcéad agus dara bliain taispeántas iontach de chanadh agus damhsa ón gceoldráma ‘Oliver’ le cabhair mhór ó na múinteoirí Dúlra agus Zelda. Rinne grúpa ó bhliain a trí agus ón idirbhliain léiriú ón gceoldráma ‘Grease’ le canadh agus damhsa chomh maith. Bhí an dá ghrúpa thar barr ar fad! Bhí cúpla amhránaí againn freisin sa chomórtas aonarach, Aoibhí agus Caoimhe agus chuir siad seó iontach ar siúl. Ar an dea-uair bhog Aoibhí ar aghaidh chuig an gcéad bhabhta eile i mí Feabhra. Guíonn an scoil uile ádh mór uirthi!

Meith 03
2026
Na Scrúduithe Stáit (Bl. 3, 6)
28-Aib-2026
Wellbeing garden underway! As part of the 'creative schools' initiative, our wellbeing committee are working diligently on clearing a space at the back of the school for an outdoor classroom and wellness space
17-Aib-2026
Our TY students thoroughly enjoyed their recent trip to Lake Garda
27-Márta-2026
TY Musical 2026
© 2026 Gaelcholáiste an Phiarsaigh