Scoil Fiontraíochta na Bliana 2026! Mionchomhlacht na hIdirbhliana

Enterprising School of the Year 2026! TY Mini-Company
11-Márta-26
Scoil Fiontraíochta na Bliana 2026! Mionchomhlacht na hIdirbhliana

D'fhreastail Avalily, Caoilinn, Caoimhe agus Éabha ón Idirbhliain ar chraobh mionchomhlachta an chontae le déanaí (grianghraf thuas) agus bronnadh gradam dochreidte ar an scoil; 'Scoil Fiontraíochta na Bliana'! Tá níos mó sonraí sa chur síos ó Éabha de Búrca thíos.

Our TY entrepreneurs Avalily, Caoilinn, Caoimhe and Éabha (pictured above) attended the South Dublin Mini-Company competition recently where the school was awarded 'Enterprising School of the Year'! Éabha de Búrca offers more details in her description below.

Rinne gach dalta san Idirbhliain an modúl Mionchomhlachta i mbliana. Thángamar aníos le smaointe do chomhlachtaí go bhféadfaimid a thosú agus a reáchtáil muid féin. D’eagraíomar ‘margadh Nollag’ sa scoil ina raibh deis ag gach mionchomhlacht earraí a dhíol do phobal na scoile. Tar éis an ratha a bhí ar na gnólachtaí ar fad sa mhargadh Nollag, roghnaíodh dhá ghrúpa chun dul ar aghaidh chuig comórtas Bhaile Átha Cliath Theas mar ionadaithe na scoile. Roghnaíodh dhá ghnó darbh ainm “Tinteán Teolaí” agus ceann eile, “Makeit Milis!”. D’fhreastalaíomar ar an gcomórtas réigiúnach ag an óstán Maldron i dTamhlacht ar an Aoine an 06/03, agus bhí lá iontach againn ann ag caint le scoláirí ó scoileanna eile agus ag fáil moltaí ó na moltóirí conas ár ngnólachtaí a fhorbairt agus a fhás. Ag an deireadh, bhí ríméad orainn nuair a glaodh amach ár scoil, Gaelcholáiste an Phiarsaigh, mar bhuaiteoirí na duaise “Scoil Fiontraíochta na Bliana”. Chuamar suas ar an stáitse chun an plaic a fháil agus chun pictiúr a ghlacadh leis an duais. Eispéireas iontach a bhí ann!

Scoil Fiontraíochta na Bliana 2026! Mionchomhlacht na hIdirbhliana
Lún 27
2026
Athoscailt na Scoile
Lún 27
2026
Bliain 1 ag filleadh ar an scoil
Lún 28
2026
Bliain 3 ag filleadh ar an scoil
Lún 28
2026
Bliain 6 ag filleadh ar an scoil
28-Aib-2026
Wellbeing garden underway! As part of the 'creative schools' initiative, our wellbeing committee are working diligently on clearing a space at the back of the school for an outdoor classroom and wellness space
17-Aib-2026
Our TY students thoroughly enjoyed their recent trip to Lake Garda
27-Márta-2026
TY Musical 2026
© 2026 Gaelcholáiste an Phiarsaigh