Seachtain 'Seas an Fód'!

04-Nollaig-25
Seachtain 'Seas an Fód'!

Bhaineamar an-taitneamh as ceiliúradh a dhéanamh ar 'Seas an Fód' le déanaí! Iniata thíos tá cur síos ó Avalily i mbliain 4 atá mar chuid den choiste folláine ar imeachtaí na seachtaine

Bhíomar ag ceiliúradh seachtain fheasachta 'Seas an Fód' an mhí seo. Bhí seachtain thar barr againn i mbliana ag tacú leis an bpobal LADTA+. Bhí roinnt imeachtaí ar siúl i rith na seachtaine, ar nós an comórtas cód QR ag ainmniú daoine cáiliúla atá mar bhaill den phobal LADTA+ agus iad níos óige agus ag cruthú bhráisléad chairdis i rith am lóin leis an Múinteoir Lana. Ar an Máirt bhí comórtas bácála ildáite againn, le scoláirí ó mheascán de bhliainghrúpaí agus bhí an coiste folláine mar bhreithimh orthu. Ghlac go leor scoláirí páirt ann agus b'ócáid álainn í.

Ar an Déardaoin i rith an lae bhí an idirbhliain i gceannas ar stáisiún péinteáil aghaidhe, péinteáil ingne, stáisiún bradaíl gruaige agus both ghrianghraif sa halla don scoil uilig. Deis iontach a bhí ann don phobal scoile a bheith ag meascadh lena chéile. Ar an Aoine, ghléas gach bliainghrúpa suas i ndathana difriúla ón mbogha báistí agus thógamar grianghraif. Sa tráthnóna bhí tráth na gceist thar an idirchum agus bhí craic iontach againn. Bhí meascán de scoláirí ó na bliainghrúpaí éagsúla ar gach foireann agus bhí gach babhta thar a bheith iomaíoch! Bhí seachtain iontach againn sa scoil, seans iontach a bhí ann chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine tábhachtacha inár bpobal.

le hAvalily Nic Dhuarcain Ní Bhriain

Márta 17
2026
Lá Fhéile Pádraig- Scoil dúnta
Márta 19
2026
(Idirbhliain- Rang Dhoire) Ceardlann Folláine
Márta 24
2026
Dúshlán an Airgid Chliste- scoláirí gnó, bl. 5, 6
Márta 26
2026
Tráth na gCeist- Cumann na dTuismitheoirí
09-Márta-2026
A lively start to Seachtain na Gaeilge
05-Márta-2026
New GAA jerseys
26-Feabh-2026
Award Ceremony in UCD
An Mhainistir, Bóthar na Gráinsí, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14, D14 PP82.
01 493 3335
Enquire
Suíomh / Location
© 2026 Gaelcholáiste an Phiarsaigh