Bhí seachtain na Gaeilge den chéad scoth againn i mbliaina. Bhí imeachtaí laethúla Gaeilge ar siúl sa scoil ó cheann ceann na seachtaine. Thosaigh an tseachtain le Blitz Peile ar an Luan, bhí seó tallainne ‘Gael Factor’ faoi lán seoil ar an Máirt, bhí Céilí Mór ag gach bliain ar an gCéadaoin, bhí turais éagsúla ar siúl ar an Déardaoin chomh maith le spraoi ar an gCaisleán Preabadh ar an Aoine.
Anuas air na himeachtaí sin, bhí dúshláin an lae ar siúl gach lá. Bhí orainn seanfhocal an lae a oibriú amach agus rith chomh fada leis an gcuairt chispheile leis an bhfreagra chun ubh cásca a bhuachaint. Bhaineamar go léir an-sult as! Bhí tráth na gCeist sna ranganna Gaeilge chomh maith agus bhí duaiseanna le fáil ann.
Rinne pobal uile na scoile an-iarracht Gaeilge shaibhir chruinn a labhairt i rith na Seachtaine! Táimid ag súil go mór leis an mbliain seo chugainn cheana féin! Beatha Teanga í a labhairt!
Saileog Nic Cormaic & Mia Ní Éilí Ní Dhuagáin