Bronnadh duaiseanna ar ghrúpa scoláirí idirbhliana an tseachtain seo ag UCD toisc gur bhain siad gradam amach i Staidéar Gnó na Sraithe Sóisearaí. Léigh thíos an cur síos a rinne Caoimhe de Búrca, Emma Ní Ruairc agus Ruairí Watkins ar an imeacht! Déanaimid comhghairdeas leis na buaiteoirí uilig!
A group of our TY students who achieved a distinction in their Junior Cycle Business Studies exam were presented with awards at UCD this week for their achievement. Caoimhe de Búrca, Emma Ní Ruairc and Ruairí Watkins describe the event below- well done to all the recipients!
Ar an 25ú de Mhí Feabhra chuaigh 13 dhuine ón Idirbhliaingo Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliathdon SearmanasBronnta Gnó tar éis gradaim a bhaint amach sa Staidéar Gnó i mbliana.
Bhí an-spraoi againn agus cuireadh fáilte mhór romhainn ag an UCD Lochlann Quinn SchoolofBusiness. Foirgneamh álainn a bhí ann le go leor acmhainní éagsúla do na mic léinn.
Chláraíomar ag tús na hócáide agus bhuaileamar leis an Múinteoir Pádraig roimh ré. Shuigheamar síos sa halla léachtaí agus chualamar ó mhic léinn reatha faoin tionchar a bhí ag an Staidéar Gnó orthu.
Ina dhiaidh sin bronnadh teastas ar na daltaí go léir agus bronnadh plaic ar an scoil. Ghlacamar go leor grianghraf agus bhí sólaistí beaga ar fáil ina dhiaidh.
Táimid ar fad an-bhuíoch as an méid oibre a rinne an Múinteoir Pádraig dúinn, chomh maith leis an obair a chuir UCD isteach chun an ócáid a eagrú dúinn. Bhí sé go deas an éacht seo a cheiliúradh le chéile.
Bhí sé go deas freisin breathnú ar an gcampas i UCD. Caithfimid a rá gur thaitin sé go mór linn agus gur féidir linn muid féin a fheiceáil ag staidéar ann lá éigin.
Sa phictiúr - Clé go deas: Alanna Nic an Iarla, Ruairí Watkins, Emma Ní Ruairc, Grace Nic Shiúrtáin, Caoimhe de Búrca, Ross Cinsealach, Manus Mac an tSaoir, Scott Crampton Ó Laighléis, Cormac Ó Faircheallaigh, Finn Ó Dúill Allúráin, Louis Ó Maoláin.
As láthair ón bpictiúr: Ciarán Ó Caomhánaigh, Ella-Grace Ní Choimín