Turas na hIdirbhliana chun na hIodáile
D’imigh muid chuig Loch Garda dár dturas thar lear i mbliana. D’fhan muid san óstán Hotel Centro Turristico Gardesano. Bhí am den chéad scoth againn agus ní dhéanfaidh muid dearmad ar riamh.
Lá 1: Ar an Máirt bhuail muid leis na múinteoirí Fiachra, Aoife, Dúlra, Micky agus Lana san aerfort ag a 4.30 ar maidin. Thuirling muid timpeall deich a chlog, agus fuair muid bus go dtí Sirmione chun dul ar luasbhád! Ansin fuair muid am chun dul timpeall an bhaile agus bia a fháil agus píosa siopadóireachta a dhéanamh. Chuaigh muid chuig an óstán ag deireadh an lae chun díphacáil agus dinnéar a ithe. Ní raibh an bia chomh maith leis an bia eile a cheannaíomar ar an turas ach bhí sé fós ceart go leor!
Lá 2: Don dara lá chuamar chuig Gardaland. Bhí sceitimíní ar gach duine againn. Ghlac muid roinnt grianghraif ann agus ansin bhí cead againn siúl timpeall na háite lenár gcairde. D’imigh gach duine ar na rollchóstóirí go léir agus bhí siad an-spraíúil ar fad.D’imigh mise agus mo chairde chun píosa bia a fháil, a bhí go hálainn. Chaith muid 8 n-uaire ann ar an iomlán. Lá deas te a bhí ann. Ar an iomlán, ceann de na laethanta is fearr linn a bhí ann.
Lá 3: Dhúisigh muid suas níos luaithe an lá seo mar gheall ar an turas fada go dtí an Veinéis chun bád farantóireachta a fháil timpeall a deich. Guair muid am chun bia agus siopadóireacht a déanamh roimh dul ar thuras siúlóide. Bhí sé an-suimiúil foghlaim faoin stair shaibhir atá ag an Veinéis. I ndiaidh an turais chuaigh muid chuig an monarcha gloine agus chonaic muid fear ag cruthú vása. D’fhilleamar ar an óstán agus d’imríomar cluichí i ndiaidh an dinnéir an oíche sin.
Lá 4: Bhí saghas brón orainn agus muid ag éirí ar an Déardaoin mar bhí a fhios againn gurb é an lá deireanach a bhí ann. Fós féin bhí meon thar a bheith dearfach againn agus bhí muid ag súil go mór le Verona a fheiceáil. Tar éis tamaill ar an mbus, shroich muid an chathair. Ar dtús, shiúl muid timpeall an amfaitéatair agus bhí an múinteoir Lana ag insint fíricí staire dúinn. Bhí sé an-suimiúil ar fad. Ansin, shiúlamar chuig balcóin Juliet. Bhí cúpla uair againn ansin chun siúl timpeall na cathrach agus bia a fháil. Nuair a bhí muid réidh, ar ais ar an mbus linn agus d’imíomar go hionad siopadóireachta i Milano roimh dul chuig an aerfort. Ar an droch uair bhí moill 2 uair a chloig ar an eitleán. Faoi dheireadh thuirling muid in Éirinn timpeall a dó ar maidin. Bhí an-tuirse orainn ach bhí muid fós an-sásta tar éis an turas iontach sin a chaitheamh le chéile.
Tríona Nic Roibeáird agus Calum Ó Briain