Turas na hIdirbhliana go hInis Mór

23-Meán Fómhair-25
Turas na hIdirbhliana go hInis Mór

Bhain scoláirí na hIdirbhliana ardsult as an turas go hInis Mór an tseachtain seo caite. Léigh thíos an cur síos a rinne Úna Ní Bhréartúin agus Hanaa Kounitre ar an turas iontach a bhí acu.

Chuamar go hInis Mór an tseachtain seo caite. Chuamar síos go Ros an Mhíl ar bhus ar dtús agus fuaireamar an bád chuig an oileán. Shroicheamar an brú óige lenár malaí troma agus muid réidh ár scíthe a ligean.

Thosaíomar ag rothaíocht anuas agus aníos ar na cnoic bhreátha Ghaelacha- ár gcéad staid, Dún Aonghasa. D’fhéachamar thar an aill agus chonaiceamar radharc na farraige. Bhí sé scanrúil ach b'fhiú é. Rothaíomar níos mó timpeall na háite, Poll na bPéist san áireamh, go dtí go rabhamar traochta.

An oíche sin, chuamar amach don dinnéar agus bhí sé an-bhlasta ar fad! Bhí go leor spraoi againn sna seomraí ag éisteacht le ceol.

An dara lá, chuamar amach ag léimt ón gcé. Bhíomar reoite ach bhaineamar an-súp as. Tar éis sin, fuaireamar an luasbhád go dtí páirt eile den oileán agus chuamar ar shiúlóid ar an trá.

Thángamar ar ais chun gléasadh don chéilí. Bhaineamar an-taitneamh as an damhsa Gaelach leis na scoláirí ó Inis Mór . Rinne roinnt scoláire cócaireacht don bhliain ar fad agus bhí sé an-bhlasta ar fad! Réitíomar go han-mhaithar fad!

Ar an drochuair, bhí orainn dul abhaile ach ní dhéanfaimid dearmad ar an turas riamh!

Turas na hIdirbhliana go hInis MórTuras na hIdirbhliana go hInis MórTuras na hIdirbhliana go hInis MórTuras na hIdirbhliana go hInis MórTuras na hIdirbhliana go hInis MórTuras na hIdirbhliana go hInis MórTuras na hIdirbhliana go hInis MórTuras na hIdirbhliana go hInis Mór
MFómh 17
2026
(Bliain 6) Ardroghanna ('Higher Options')- RDS
MFómh 18
2026
(Bl. 6- Bitheolaíocht)- Turas Éiceolaíochta
MFómh 21
2026
(Bl. 6) Turas amharclainne- Othello
MFómh 21
2026
(Idirbhliain) Snámh
10-MFómh-2026
Join us for our Open Evening!
26-Lún-2026
Welcome back!
© 2026 Gaelcholáiste an Phiarsaigh