Tús Maith, Leath na hOibre

08-Meán Fómhair-26
Tús Maith, Leath na hOibre

Agus ár gcéad choicís ag teacht chun críche don scoilbhliain 2026-2027, is iontach go bhfuil go leor le ceiliúradh againn!

Chuireamar fáilte chroíúil roimh scoláirí nua na céad bhliana- ranganna Thír Chonaill agus Thír Eoghain- agus tá coicís iontach curtha futhu acu ag socrú isteach sa scoil. D'fháiltíomar ar ais roimh na bliainghrúpaí eile agus bhí filleadh rathúil acu uilig- bhí ionduchtú iontach ag an idirbhliain nua agus b'álainn scoláirí na séú bliana a fheiceáil ag filleadh don bhliain dheireanach. Bhain scoláirí na hIdirbhliana an-taitneamh as turas go Gleann faoi Cheilt an tseachtain seo caite agus iad ag tnúth go mór le himeachtaí eile na bliana.

Bhí lá mór ceiliúrtha againn sa scoil le déanaí, le torthaí iontacha rang na hArdteiste 2026, agus arís ar an gCéadaoin i ndiaidh sin le foilsiú na dtairscintí ollscoile. B'iontach dúinn a chloisteáil faoi na pleananna atá acu don todhchaí agus iad chomh ar bís faoin gcéad chéim eile. Déanaimid comhghairdeas leo uilig agus guímid gach rath orthu- táimid fíorbhródúil asaibh!

Táimid ag súil le téarma agus scoilbhliain lán le fás, fuinneamh agus foghlaim.

DFómh 15
2026
Ceardlann Bl4: Podchraoltaí - Tinpot
DFómh 15
2026
CTMS Bliain 5
DFómh 16
2026
(Idirbhliain) Turas go Reilig Ghlas Naíon
DFómh 19
2026
Scrúduithe na Samhna (Bl. 3, 6)
10-MFómh-2026
Join us for our Open Evening!
26-Lún-2026
Welcome back!
28-Aib-2026
Wellbeing garden underway! As part of the 'creative schools' initiative, our wellbeing committee are working diligently on clearing a space at the back of the school for an outdoor classroom and wellness space
© 2026 Gaelcholáiste an Phiarsaigh