Uasdátú Spóirt an Téarma

End of Term Sports Update
12-Nollaig-25
Uasdátú Spóirt an Téarma

Bhí tús iontach leis an spórt i nGaelcholáiste an Phiarsaigh i mbliana. Bhíomar páirteach i go leor spóirt éagsúla ar nós cispheil, iománaíocht, camógaíocht agus peil Ghaelach, agus léirigh ár gcuid daltaí díograis agus spiorad comhoibrithe i ngach deis.

Ar an gcéad dul síos, tosóimid leis an gcispheil. D’éirigh thar barr le foireann F19 na mbuachaillí, a bhuaigh seacht gcluiche as ocht agus a shroich cluiche ceannais Laighean. Tá siad anois ag dul ar aghaidh go comórtas na hÉireann. Ní raibh an t-ádh céanna ar fhoireann F19 na gcailíní, a bhuaigh dhá chluiche as cúig, ach d’fhan siad dílis don iarracht agus don spiorad iomaíoch i ndiaidh ardú céime go sraith C. Sna spóirt Ghaelacha, d’éirigh thar barr leis an scoil an téarma seo. Tá ag éirí go han- mhaith le foirne peile sóisearacha agus sinsearacha na gcailíní, le trí bhua as trí ag an dá fhoireann agus iad tríd chuig babhta deiridh 16. I gcamógaíocht na gcailíní, bhuaigh an fhoireann shóisearach an chéad chluiche ach theip orthu sa dara ceann cé gur imir siad sárchluiche. Maidir le foirne na mbuachaillí, bhí tús maith ag peileadóirí Gaelacha sinsearacha na mbuachaillí a bhuaigh a gcéad chluiche cé go raibh mí-ádh orthu sa dara ceann. San iománaíocht, d’imir na hiománaithe sinsearacha dhá chluiche agus tá súil againn go mbeidh níos mó deiseanna acu an bhliain seo chugainn. Tá na sóisearaigh peile ag eitilt i mbliana le dhá bhua agus cluiche ceathrú ceannais rompu, agus bhí bua iontach ag na hiománaithe sóisearacha sa chéad chluiche. Bhaineamar ar fad an-sult as an spórt an téarma seo agus chruthaigh na foirne go léir naisc láidre idir bliainghrúpaí agus múinteoirí araon. Táimid fíorbhuíoch as an deis páirt a ghlacadh sna comórtais seo agus táimid ag súil go mór leis an gcuid eile den bhliain!

Jack Ó Mathúna & Louis Ó Maoláin- Bliain 4

Uasdátú Spóirt an TéarmaUasdátú Spóirt an Téarma
Meith 03
2026
Na Scrúduithe Stáit (Bl. 3, 6)
28-Aib-2026
Wellbeing garden underway! As part of the 'creative schools' initiative, our wellbeing committee are working diligently on clearing a space at the back of the school for an outdoor classroom and wellness space
17-Aib-2026
Our TY students thoroughly enjoyed their recent trip to Lake Garda
27-Márta-2026
TY Musical 2026
© 2026 Gaelcholáiste an Phiarsaigh