An Ghaeilge

An Ghaeilge

Roinn na Gaeilge i nGaelcholáiste an Phiarsaigh

Tá muid ana-bhródúil ás ár n-oidhreacht agus ár dteanga dhúchais anseo i nGaelcholáiste an Phiarsaigh. Is cuid lárnach í an Ghaeilge i saol na scoile againne. Cuirfear an Ghaeilge chun cinn i ngach uile imeacht i saol na scoile. Cuireann muid béim ollmhór ar ár n-oidhreacht agus ár dteanga dhúchais inár staidéar agus atmaisféar ranga. Cuirfear an Ghaeilge ar fáil mar ábhar acadúil sa tSraith Shóisearach, san Idirbhliain agus san Ardteistiméireacht.

Cuirfear béim ar bhunchlocha na teanga le scoláirí na céad bliana atá ag socrú isteach i saol na scoile agus taithí á mbailiú acu leis an aistriú scoile ón mbunscoil go dtí an mheánscoil. Leanfar leis an saibhreas seo sa dara agus tríú bliain leis na scoláirí seo trí staidéar a dhéanamh ar phrós agus filíocht; úrscéalta, gearrscéalta, filíocht, gearrscannáin, amhráin, drámaí ina measc.

Tá dhá MRB le déanamh ag scoláirí mar chuid dá staidéar ar an nGaeilge sa tSraith Shóisearach.

MRB 1 – Tugann an Measúnú Rangbhunaithe seo deis don scoláire punann teanga a chruthú de réir a chéile ina bhfuil réimse leathan samplaí de shaothair an scoláire féin. Bíonn deis ag an scoláire spriocanna pearsanta foghlama a leagan síos, a chuid oibre a thaispeáint, machnamh a dhéanamh ar an obair agus ar a dhul chun cinn ar a thuras teanga féin. (CNCM, 2019)
MRB 2 - Leagann an Tasc Cumarsáideach béim ar chumas labhartha agus idirghníomhaithe an scoláire agus tugann sé deis dó a theanga labhartha a fhorbairt agus a fheabhsú mar aon le díriú ar fhorbairt príomhscileanna eile. (CNCM, 2019)

Is bliain faoi leith í an idirbhliain ina mbaintear triail as gnéithe éagsúla leis an teanga a chur chun cinn. Is iad podchraoladh agus airtigeal nuachta don suíomh scoile dhá bhealach ina gcuireann na scoláirí lena gcuid sabihreas Ghaeilge agus forbairt pearsanta.

Is cúrsa dhá bhliain í an Ardteistiméireacht a bhíonn scoláirí ag forbairt a gcuid scileanna teanga trí staidéar níos cuimsithí a dhéanamh ar phrós agus filíocht na teanga. Cuirfear béim faoi leith ar chumas an scoláire sa chumarsáid shaibhir agus sa scríbhneoireacht chruinn.

Beal 19
2026
Oíche Bhronnta na hIdirbhliana
Beal 21
2026
Bronnadh Duaiseanna an tSamhraidh
Beal 21
2026
Oíche Bhronnta na Séú Bliana
Beal 22
2026
Lá Spóirt
28-Aib-2026
Wellbeing garden underway! As part of the 'creative schools' initiative, our wellbeing committee are working diligently on clearing a space at the back of the school for an outdoor classroom and wellness space
17-Aib-2026
Our TY students thoroughly enjoyed their recent trip to Lake Garda
27-Márta-2026
TY Musical 2026
© 2026 Gaelcholáiste an Phiarsaigh