Drámaíocht

Drámaíocht

Drámaíocht & Ceoldrámaí

Drama & Musicals

Is cinnte go bhfuil bua na haisteoireachta, bua an cheoil agus bua na healaíne ag ár scoláirí i nGaelcholáiste an Phiarsaigh!

Mar chuid den drámaíocht a chuirtear ar fáil sa scoil bíonn Ceoldráma na hIdirbhliana- imeacht fíor-thaitneamhach don phobal scoile uile.Glacann gach scoláire idirbhliana páirt sa cheoldráma- ar stáitse nó taobh thiar de- agus léirítear an dráma críochnaithe ag deireadh na bliana. Bíonn múinteoirí agus scoláirí ag obair i gcomhpháirtíocht le chéile chun an dráma is fearr ar féidir a chur ar fáil.

Ba é ‘Grease’ ár gcéad Cheoldráma scoile sa bhliain 2019. Cé gur chúisigh an paindéim fadhbanna le ceoldrámaí na hidirbhliana 2020 & 2021, bhíomar ar ais ar stáitse i 2022 le 'Asarlaí Oscartha Oz'. Thug lucht na hIdirbhliana 2023 faoi 'Grease', i 2024 léiríomar 'Mamó Mia' don chéad uair agus i 2025 thugamar faoi 'Ceoldráma Arscoile'- nó 'High School Musical'!
Cothaítear eispéireas faoi leith do na scoláirí agus iad mar chuid de phróiseas agus forbraíonn siad an t-iliomad scileanna- scileanna ceannaireachta agus eagrúcháin maraon le scileanna stáitse. Baineann na scoláirí an-sult as agus cruthaíonn siad cuimhní dearfacha spreagúla nach ndéanfaidh siad dearmad orthu riamh.
DrámaíochtDrámaíochtDrámaíochtDrámaíocht
DFómh 15
2026
Ceardlann Bl4: Podchraoltaí - Tinpot
DFómh 15
2026
CTMS Bliain 5
DFómh 16
2026
(Idirbhliain) Turas go Reilig Ghlas Naíon
DFómh 19
2026
Scrúduithe na Samhna (Bl. 3, 6)
10-MFómh-2026
Join us for our Open Evening!
26-Lún-2026
Welcome back!
© 2026 Gaelcholáiste an Phiarsaigh