Ceolchoirm na Nollag

15-Nollaig-25
Ceolchoirm na Nollag

S'í an Nollaig í! Bhain pobal uile na scoile an-taitneamh as ceolchoirm na Nollag an tseachtain seo caite- bhí scoth an cheoil le cloisteáil i halla na scoile agus tá an roinn ceoil an-bhuíoch don airgead ar tiomsaíodh. Léigh thíos an cur síos a rinne Mia Ní Eilí Ní Dhúgáin agus Caoimhe Nic Giolla Phádraig ón gcéad bhliain ar an oíche;

Bhí ceolchoirm na Nollag againn ar an 9ú lá de mhí na Nollag. Bhí oíche iontach againn! Chaitheamar go leor ama ag ullmhú agus ag cleachtadh leis an múinteoir Dúlra sna seachtainní agus laethanta roimhe ionas go mbeadh muid réidh don oíche mhór! Ar an oíche tháinig tuismitheoirí agus scoláirí chuig an halla. Bhí an cór ag canadh agus an grúpa traid ag seinm. Rinne an grúpa ‘Scléip’ ón gcéad agus dara bliain a ndamhsa agus bhí go leor scoláirí ag canadh agus ag seinm go haonarach freisin. Bhí ceol iontach le cloisteáil. Bhí crannchur againn ag an deireadh freisin. Bhailíomar airgead ar an oíche chun uirlisí nua a cheannach don roinn ceoil. Bhailigh muid €1227.12 don scoil agus bhain gach duine an-taitneamh as. Bhí sé go hiontach agus tá súil againn go ndéanaimid arís é an bhliain seo chugainn!

Feabh 16
2026
Briseadh Lárthéarma- Scoil Dúnta
Feabh 23
2026
Scoil dúnta- Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí
Feabh 25
2026
Peil na mBuachaillí- Bl. 2, 3, 4
Feabh 25
2026
Cispheil na gCailíní- Bl. 1, 2
An Mhainistir, Bóthar na Gráinsí, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14, D14 PP82.
01 493 3335
Enquire
Suíomh / Location
© 2026 Gaelcholáiste an Phiarsaigh