Tíreolaíocht

Tíreolaíocht

Roinn na Tíreolaíochta

Díríonn an curaclam ar fhorbairt eolas agus scileanna an scoláire le go mbeidh sé in ann an domhan mórthimpeall orainn, agus an ról atá againn ann, a thuiscint agus na hidirnaisc idir córais ar leith a aithint. Baintear é sin amach trí na trí shnáithe idirnasctha: An domhan fisiceach a fhiosrú; An chaoi a ndéanaimid teagmháil leis an domhan fisiceach a fhiosrú; agus Daoine, áiteanna agus athruithe a fhiosrú, agus coincheap uileghabhálach amháin ar a dtugtar feasacht tíreolaíochta

An tSraith Shóisearach (Éigeantach)
Bl. 1-3

Déantar measúnú ar an Tíreolaíocht ag leibhéal Comónta amháin. Tá Trí chuid sa chúrsa – An domhan fisiceach a fhiosrú, Daoine, áiteanna agus athruithe a fhiosú agus An chaoi a ndéanaimid teagmháil leis an domhan fisiceach a fhiosrú.

Bíonn ar scoláirí dhá mheasúnú rangbhunaithe a dhéanamh, i mbliain 2 ‘Tíreolaíocht sa Nuacht’ agus i mbliain 3 ‘Mo Thíreolaíocht’. Chomh maith le seo bíonn scrúdú deiridh acu i bhfoirm scrúdú scríofa.

An Idirbhliain (Éigeantach)
Bl. 4

Feidhmíonn an clár Tíreolaíochta san Idirbhliain mar dhroichead idir an tSraith Shóisearach agus clár na hArdteistiméireachta.


Clár na hArdteistiméireachta (Roghnach)
Bl. 5-6

Féadfar Tíreolaíocht na hArdteistiméireachta a dhéanamh ag an nGnáthleibhéal nó ag an Ardleibhéal. Trí chuid atá sa chúrsa – croí-aonaid, Toghaonaid agus Roghaonaid Measúnaítear an tíreolaíocht ag an nGnáthleibhéal agus ag an Ardleibhéal.

Bíonn ar scoláirí tuarascáil a scríobh ar imscrúdú tíreolaíoch ar luach 20% agus scrúdú scríofa a dhéanamh ar luach 80%.

TíreolaíochtTíreolaíocht
Ean 28
2026
(Idirbhliain) Hamnet
Ean 30
2026
(Idirbhliain) Ceardlann Ailtireachta- Rang an Dúin
Ean 30
2026
Measúnú Iontrála 2026/2027
Feabh 02
2026
Saoire Lá Fhéile Bríde
An Mhainistir, Bóthar na Gráinsí, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14, D14 PP82.
01 493 3335
Enquire
Suíomh / Location
© 2026 Gaelcholáiste an Phiarsaigh