Drámaíocht

Drámaíocht

Drámaíocht & Ceoldrámaí

Drama & Musicals

Is cinnte go bhfuil bua na haisteoireachta, bua an cheoil agus bua na healaíne ag ár scoláirí i nGaelcholáiste an Phiarsaigh!

Mar chuid den drámaíocht a chuirtear ar fáil sa scoil bíonn Ceoldráma na hIdirbhliana- imeacht fíor-thaitneamhach don phobal scoile uile.Glacann gach scoláire idirbhliana páirt sa cheoldráma- ar stáitse nó taobh thiar de- agus léirítear an dráma críochnaithe ag deireadh na bliana. Bíonn múinteoirí agus scoláirí ag obair i gcomhpháirtíocht le chéile chun an dráma is fearr ar féidir a chur ar fáil.

Ba é ‘Grease’ ár gcéad Cheoldráma scoile sa bhliain 2019. Cé gur chúisigh an paindéim fadhbanna le ceoldrámaí na hidirbhliana 2020 & 2021, bhíomar ar ais ar stáitse i 2022 le 'Asarlaí Oscartha Oz'. Thug lucht na hIdirbhliana 2023 faoi 'Grease', i 2024 léiríomar 'Mamó Mia' don chéad uair agus i 2025 thugamar faoi 'Ceoldráma Arscoile'- nó 'High School Musical'!
Cothaítear eispéireas faoi leith do na scoláirí agus iad mar chuid de phróiseas agus forbraíonn siad an t-iliomad scileanna- scileanna ceannaireachta agus eagrúcháin maraon le scileanna stáitse. Baineann na scoláirí an-sult as agus cruthaíonn siad cuimhní dearfacha spreagúla nach ndéanfaidh siad dearmad orthu riamh.
DrámaíochtDrámaíochtDrámaíochtDrámaíocht
Feabh 04
2026
Triailscrúduithe an Stáit (Bl. 3, 6)
Feabh 12
2026
(Bl. 1, 2, 4) Ceardlann Athchúrsála (athshocraithe)
Feabh 13
2026
(Idirbhliain) Ceardlann Ailtireachta- Rang Dhoire
Feabh 13
2026
Lá Bándearg i gCuimhne ar Amelia
An Mhainistir, Bóthar na Gráinsí, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14, D14 PP82.
01 493 3335
Enquire
Suíomh / Location
© 2026 Gaelcholáiste an Phiarsaigh