Foirne Díospóireachta

Foirne Díospóireachta

Foirne Díospóireachta

Debate Teams

Glacaimid páirt gach bliain i gcomórtas díospóireachta de chuid Gael-Linn darbh ainm 'Comórtas Uí Chadhain'. Is comórtas é atá dírithe ar scoláirí sóisearacha agus sinsearacha i nGaelcholáistí agus meánscoileanna Gaeltachta ar fud na tíre. Cabhraíonn sé le scileanna cumarsáide na scoláirí, chomh maith lena scileanna taighde, pleanála, scríbhneoireachta agus uimhearthachta. Níos mó ná aon rud eile, feabhsaíonn sé a gcuid Gaeilge agus bíonn spraoi acu leis!

D'éirigh lenár bhfoireann Shóisearach i mbliana Craobh na hÉireann a shroicheadh agus bhí bua acu i gCúige Laighean. Cuirtear fáilte i gcónaí roimh bhaill nua a bhfuil suim acu sa díospóireacht agus i mbua na cainte a fhorbairt!

Maraon le díospóireachtaí Gaeilge, bíonn deis ag scoláirí páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí Spáinnise agus Béarla chomh maith.

Foirne DíospóireachtaFoirne DíospóireachtaFoirne DíospóireachtaFoirne DíospóireachtaFoirne Díospóireachta
Feabh 16
2026
Briseadh Lárthéarma- Scoil Dúnta
Feabh 23
2026
Scoil dúnta- Athfhorbairt na Sraithe Sinsearaí
Feabh 25
2026
Peil na mBuachaillí- Bl. 2, 3, 4
Feabh 25
2026
Cispheil na gCailíní- Bl. 1, 2
An Mhainistir, Bóthar na Gráinsí, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14, D14 PP82.
01 493 3335
Enquire
Suíomh / Location
© 2026 Gaelcholáiste an Phiarsaigh