Eolaíocht

Eolaíocht

An Eolaíocht i nGaelcholáiste an Phiarsaigh

Tugann gach dalta i nGCAP faoin eolaíocht ó bhliain 1 go dtí a 3. Ábhar leathan é an eolaíocht, atá briste síos i 4 snáithe - An Domhan Fisiceach, An Domhan Ceimiceach, An Domhan Bitheolaíoch, agus Domhan agus Spás. Sa tSraith Shóisearach, leagtar béim ar scileanna fiosrúcháin na ndaltaí a fhorbairt. Foghlaimíonn siad cad is hipitéis intástáilte ann, conas turgnamh bailí a dhearadh agus a chur i gcrích go sábháilte, agus conas conclúid a bhaint ó thorthaí.
San idirbhliain, déanann siad gach aon ceann de na 3 ábhar sinsearacha - Ceimic, Fisic, Bitheolaíocht - mar mhodúl, le cuidiú leo rogha ábhar níos feasaí a dhéanamh don Ardteist.
Tá dhá saotharlann fairsing, dea-fheistithe againn i nGaelcholáiste an Phiarsaigh, agus tá neart deiseanna ag na daltaí obair phraiticiúil a dhéanamh iontu.
Tugtar tacaíocht agus cabhair do dhaltaí a tá ag iarraidh cur isteach ar an gcomórtas bliantúil 'Eolaí Óg'. D'éirigh le roinnt grúpaí áit a bhaint amach sa chomórtas ó bhunaíodh an scoil.

EolaíochtEolaíochtEolaíochtEolaíochtEolaíochtEolaíocht
Ean 28
2026
(Idirbhliain) Hamnet
Ean 30
2026
(Idirbhliain) Ceardlann Ailtireachta- Rang an Dúin
Ean 30
2026
Measúnú Iontrála 2026/2027
Feabh 02
2026
Saoire Lá Fhéile Bríde
An Mhainistir, Bóthar na Gráinsí, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14, D14 PP82.
01 493 3335
Enquire
Suíomh / Location
© 2026 Gaelcholáiste an Phiarsaigh