Seachtain 'Seas an Fód'!

04-Nollaig-25
Seachtain 'Seas an Fód'!

Bhaineamar an-taitneamh as ceiliúradh a dhéanamh ar 'Seas an Fód' le déanaí! Iniata thíos tá cur síos ó Avalily i mbliain 4 atá mar chuid den choiste folláine ar imeachtaí na seachtaine

Bhíomar ag ceiliúradh seachtain fheasachta 'Seas an Fód' an mhí seo. Bhí seachtain thar barr againn i mbliana ag tacú leis an bpobal LADTA+. Bhí roinnt imeachtaí ar siúl i rith na seachtaine, ar nós an comórtas cód QR ag ainmniú daoine cáiliúla atá mar bhaill den phobal LADTA+ agus iad níos óige agus ag cruthú bhráisléad chairdis i rith am lóin leis an Múinteoir Lana. Ar an Máirt bhí comórtas bácála ildáite againn, le scoláirí ó mheascán de bhliainghrúpaí agus bhí an coiste folláine mar bhreithimh orthu. Ghlac go leor scoláirí páirt ann agus b'ócáid álainn í.

Ar an Déardaoin i rith an lae bhí an idirbhliain i gceannas ar stáisiún péinteáil aghaidhe, péinteáil ingne, stáisiún bradaíl gruaige agus both ghrianghraif sa halla don scoil uilig. Deis iontach a bhí ann don phobal scoile a bheith ag meascadh lena chéile. Ar an Aoine, ghléas gach bliainghrúpa suas i ndathana difriúla ón mbogha báistí agus thógamar grianghraif. Sa tráthnóna bhí tráth na gceist thar an idirchum agus bhí craic iontach againn. Bhí meascán de scoláirí ó na bliainghrúpaí éagsúla ar gach foireann agus bhí gach babhta thar a bheith iomaíoch! Bhí seachtain iontach againn sa scoil, seans iontach a bhí ann chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine tábhachtacha inár bpobal.

le hAvalily Nic Dhuarcain Ní Bhriain

Ean 28
2026
(Idirbhliain) Hamnet
Ean 30
2026
(Idirbhliain) Ceardlann Ailtireachta- Rang an Dúin
Ean 30
2026
Measúnú Iontrála 2026/2027
Feabh 02
2026
Saoire Lá Fhéile Bríde
An Mhainistir, Bóthar na Gráinsí, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14, D14 PP82.
01 493 3335
Enquire
Suíomh / Location
© 2026 Gaelcholáiste an Phiarsaigh