Spraoi na Samhna

06-Samhain-25
Spraoi na Samhna

Bhain pobal na scoile an-taitneamh as fáilte a chur roimh Oíche Shamhna le Lá na bhFeisteas eagraithe ag Comhairle na Scoláirí. Déanann Amy Nic Ailín ón dara bliain cur síos ar an lá thíos

Bhaineamar an-taitneamh as Oíche Shamhna ar scoil i mbliana. Bhí comórtas feistis againn idir na ranganna eagraithe ag Comhairle na Scoláirí chun airgead a bhailiú i gcomhair Gaza. Bhí feistis iontacha le feiceáil i measc na ranganna ar fad, bhí an comórtas an-ghar. Bhí sé an-spraíúil a bheith ag siúl timpeall na scoile an lá sin le gach duine gléasta suas- fiú na múinteoirí. Tharla an comórtas ag an tionól ar maidin agus chuaigh na buaiteoirí suas ar an stáitse. As na sóisearaigh bhuaigh mo rang, rang Átha Cliath i mbliain 2. As na sinsearaigh bhuaigh bliain a sé ar fad a ghléas suas le chéile mar ghrúpa. Bhain an dá rang taitneamh ollmhór as an duais- cóisir píotsa! Bhí spórt is spraoi ag gach uile duine agus tá scoláirí cheana féin ag pleanáil a bhfeisteas don bhliain seo chugainn!

Ean 28
2026
(Idirbhliain) Hamnet
Ean 30
2026
(Idirbhliain) Ceardlann Ailtireachta- Rang an Dúin
Ean 30
2026
Measúnú Iontrála 2026/2027
Feabh 02
2026
Saoire Lá Fhéile Bríde
An Mhainistir, Bóthar na Gráinsí, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14, D14 PP82.
01 493 3335
Enquire
Suíomh / Location
© 2026 Gaelcholáiste an Phiarsaigh